bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 13
Revelation 13
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
1
Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn.
2
Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa béir, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a rí-chathaoir agus a mhórchumhacht.
3
Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.
4
Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch dá rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”
5
Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
6
Dʼoscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n-áitreabh acu sna flaithis.
7
Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.
8
Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.
9
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé:
10
“Má tá géibheann i ndán dʼaon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”
11
Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.
12
Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo dá cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.
13
Agus déanann sé comharthaí móra, dá chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.
14
Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.
15
Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.
16
Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n-éadan
17
agus sin i dtreo nach bhféadfaidh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh, nó uimhir a ainm, a bheith air.
18
Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean!
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22