bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 4
Revelation 4
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 5 →
1
Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus bʼiúd doras oscailte ar Neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé dá rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”
2
Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí rí-chathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin.
3
Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na rí-chathaoireach ar dhealramh na smaragaide.
4
Bhí ceithre rí-chathaoir fichead mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna rí-chathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.
5
Gabhann amach ón rí-chathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na rí-chathaoireach, agus is iad-san seacht spiorad Dé.
6
Agus os comhair na rí-chathaoireach tá mar a bheadh farraige ghloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an rí-chathaoir, agus mór-thimpeall na rí-chathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.
7
Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.
8
Agus bíonn sé sciathán ar gach ceann de na ceithre dhúile bheo, agus iad lán de shúile mór-thimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná dʼoíche ach ag rá:
9
“Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”
10
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa rí-chathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na rí-chathaoireach dá rá:
11
“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22