bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 8
Revelation 8
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 9 →
1
Nuair a dʼoscail an tUan an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.
2
Ansin chonaic mé seacht dtrumpa dá dtabhairt do na seacht n-aingeal a bhí ina seasamh os comhair Dé.
3
Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na rí-chathaoireach.
4
Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé.
5
Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. Dʼéirigh roistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.
6
Ansin phrapáil na seacht n-aingeal leis na seacht dtrumpa chun iad a shéideadh.
7
Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.
8
Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach sa bhfarraige.
9
Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíolta beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.
10
Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíor-uisce.
11
“Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.
12
Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.
13
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda Neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar talamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí aingeal.”
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22