bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 7
Revelation 7
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 8 →
1
Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain dá gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.
2
Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir,
3
agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.”
4
Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.
5
Cuireadh an séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá, ar dhá mhíle dhéag de threibh Réúbaen, ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,
6
ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilí, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,
7
ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,
8
ar dhá mhíle dhéag de threibh Zeabalan, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.
9
Ina dhiaidh sin bʼiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir dʼaon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
10
Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa rí-chathaoir agus don Uan!”
11
Bhí na haingil go léir ina seasamh mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na rí-chathaoireach ag adhradh Dé
12
dá rá: “Áiméan. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Áiméan.”
13
Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?”
14
Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá a fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iad-san an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain.
15
Uime sin tá siad os comhair rí-chathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus dʼoíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, beidh sé ina measc dá gcosaint;
16
ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg.
17
Óir, an tUan atá i lár baill ag an rí-chathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22