bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 3
Revelation 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 4 →
1
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdeas: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom dʼoibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.
2
Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé dʼoibreacha foirfe os comhair mo Dhé.
3
Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.
4
Ach tá beagán agat i Sairdeas, daoine nár shalaigh a n-éidí; agus siúlfaidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.
5
An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair mʼathar agus os comhair a aingeal.
6
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’
7
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:
8
Is eol dom dʼoibreacha. Féach! Chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir dʼaon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú mʼfhocal agus níor shéan tú mʼainm.
9
Féach! Tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
10
De bhrí gur choinnigh tú focal mʼfhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.
11
Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfaidh aon duine do choróin.
12
An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm chathair mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas as Neamh, ó mo Dhia, agus mʼainm nua féin.
13
An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’
14
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láódacáia: ‘Mar seo a deir an tÁiméan, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé.
15
Is eol dom dʼoibreacha, nach fuar thú agus nach te. Och nach fuar nó te thú!
16
De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.
17
Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéalach, bocht, dall, gan éadach.
18
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeidh tú saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus ungadh le do shúile a ungadh chun go mbeidh radharc agat.
19
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.
20
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus mé ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aige-sean faram-sa.
21
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo rí-chathaoir, faoi mar a bhí an bua agam-sa agus gur shuigh mé taobh le mʼathair ina rí-chathaoir-sean.
22
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’”
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22