bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 5
Revelation 5
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 6 →
1
Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;
2
agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”
3
Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.
4
Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.
5
Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! Bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n-osclódh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
6
Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an rí-chathaoir agus na ceithre dhúil bheo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile.
7
Agus tháinig sé agus thóg sé an scrolla as deaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir.
8
Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dhúil bheo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis–urnaithe na naomh is ea iad sin.
9
Chan siad iomann nua dá rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú daoine do Dhia le dʼfhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,
10
agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.”
11
Ansin sa bhfís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na rí-chathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.
12
Agus is é a bhí dá rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”
13
Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus sa bhfarraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, dá rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”
14
Agus dúirt na ceithre dhúil: “Áiméan.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22