bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 20
Revelation 20
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
1
Ansin chonaic mé an t-aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.
2
Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhrigh é ar feadh míle bliain,
3
agus chaith sé é don duibheagán, agus dʼiaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é a scaoileadh ar feadh tamaillín.
4
Agus chonaic mé na rí-chathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son Bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n-éadan ná ar a lámh. Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.
5
Níor tháinig an t-anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí.
6
Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara bás leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis.
7
Ar chomh-líonadh an mhíle bliain, scaoilfear Sátan as a ghéibheann,
8
agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhágóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua.
9
Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus dʼalp iad.
10
Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad dá gciapadh de lá agus dʼoíche ar feadh na síoraíochta.
11
Ansin chonaic mé rí-chathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n-ionad níos mó.
12
Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, is é sin, leabhar na beatha. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n-oibreacha.
13
Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n-oibreacha.
14
Agus teilgeadh an Bás agus Ifreann isteach sa linn tine. An linn tine sin an dara bás.
15
Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22