bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 6
Revelation 6
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 7 →
1
Ansin sa bhfís dom, nuair a dʼoscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dhúil bheo dá rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”
2
Dʼfhéach mé agus bʼiúd an t-each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.
3
Nuair a dʼoscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil dá rá: “Tar.”
4
Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.
5
Nuair a dʼoscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil dá rá: “Tar.” Dʼfhéach mé agus bʼiúd an t-each dubh, agus scálaí ina lámh ag a mharcach.
6
Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dhúil bheo dá rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”
7
Nuair a dʼoscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo dá rá: “Tar.”
8
Dʼfhéach mé, agus bʼiúd an t-each báiteach bán agus “An Bás” ab ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.
9
Nuair a dʼoscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anamacha uile úd a maraíodh ar son Bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.
10
Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”
11
Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.
12
Nuair a dʼoscail sé an séú séala, dʼfhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,
13
agus thit réaltaí Neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann figí a chaora geimhridh uaidh nuair a chroitheann cóch gaoithe é.
14
Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n-ionad.
15
Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhna, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc charraigeacha na gcnoc,
16
agus iad dá rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaígí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus ar fhearg an Uain;
17
óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22