bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 2
Revelation 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 3 →
1
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n-eaglais ina dheaslámh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoir óir:
2
Is eol dom dʼoibreacha, agus do shaothar, agus dʼfhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.
3
Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son mʼainm gan traochadh.
4
Ach tá seo agam i dʼaghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair.
5
Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí.
6
Ach tá seo i dʼfhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Nioclásach faoi mar atá an ghráin agam-sa leis.
7
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’
8
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:
9
Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine–cé gur saibhir thú–agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.
10
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! Tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún dʼfhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.
11
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.’
12
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPéargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige:
13
Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil rí-chathaoir Shátain; agus coinníonn tú mʼainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Antapas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.
14
Tá beagán agam i dʼaghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n-íosfaidís bia íobartha dʼíola agus striapachas a dhéanamh.
15
Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Nioclásach sa tslí chéanna.
16
Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil.
17
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios dʼaon duine ach don té a ghlacann é.’
18
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTiáitire: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:
19
Is eol dom dʼoibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus dʼfhoighne, agus go sáraíonn dʼoibreacha le déanaí ar dʼoibreacha a chéaduair.
20
Ach tá sé seo agam i dʼaghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann ban-fháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha dʼíola a ithe.
21
Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.
22
Féach! Caithfidh mé ar leaba phéine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;
23
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh a fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.
24
An chuid agaibh-se i dTiáitire, áfach, atá fágtha, iad-san uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh;
25
ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.
26
Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann mʼoibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,
27
mar a fuair mise ó mʼathair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré dá mbascadh;
28
agus tabharfaidh mé dó réalta na maidine.
29
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22