bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 1
Daniel 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 2 →
1
Ann sa treas bliadhain do rioghacht Iehoiacim rígh Iúdah tháinic Nebuchadnessar rígh na Babilóine go Hierusalem, agus do chuir campa iona timchioll.
2
Agus thug an Tighearna Iehoiacim rígh Iudah iona láimh, maille le cuid do shoithighibh thighe Dé: noch rug sé go tír Shinár go tigh a dhé féin; agus rug sé na soighthighe go tigh ionnmhuis a dhé.
3
Agus do labhair an rígh re Aspenas maighistir a chailteánach, chor go ttugadh sé leis cuid do chlainn Israel, agus do shliochd an righ, agus do na prionnsadhuibh;
4
Clann ann nach raibh aineamh ar bioth, acht íad sgíamhach, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarchúiseach san nuile éolus, agus ealadhuin thuigsionuigh, agus drong agá raibh cumas ionta chum seasta a bpálás an righ, agus da múinfedís foghluim agus teanga na Ccaldeánach.
5
Agus dórduigh an rígh dhóibh beatha láetheamhuil do bhiadh an rígh, agus do nfíon dar ibh sé: mar sin agá noileamhuin trí blíadhna, go madh féidir leó a ccionn na haimsire sin seasamh a lathair an rígh.
6
Anois do bhí iona measg so do chloinn Iúdah, Daniel, Hananiah, Misael, agus Asariah:
7
Dá ttug prionnsa na ccailteanach anmanna: óir thug sé ar Dhániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadrách; agus air Mhisael, Mesach; agus air Asaríah, Abednego.
8
¶ Acht do thríall Dániel iona chroidhe nach saileochadh sé é féin lé cuid bídh an rígh, nó leis an bhfíon do ibheadh sé: uimesin diarr sé ar phrionnsa na ccailteanach nach salchadh sé é féin.
9
Anois thug Día Dániel a bhfábhar agus a ngrádh dhúthrachdach phrionnsa na ccailteanach.
10
Agus a dubhairt prionnsá na ccailteanach ré Dániel, Is eagal liom an tighearna mo rígh, noch dorduigh bhur mbiadh agus bhur ndeoch: óir cred as a bhfaicfeadh sé bhur naighthesi ní sa measa a ccruth ná an chlann noch atá dá bhur sórt? annsin cuirfighe misi a nguáis mo chinn ag an rígh.
11
Annsin a dubhairt Dániel re Melsar, noch do chuir prionnsa na ccailteanach ós cionn Dhániel, Hananiah, Misael, agus Asariah,
12
Dearbh do sheirbhisigh, íarruim dathchuinge ort, ar feadh dheich lá; agus tugaidís doibh piseanach re ithe, agus uisge ré ól.
13
Annsin féuchthar air ar ngnúisibh dot lathairsi, agus ar ghnúisibh na cloinne ithios do chuid ronna bidh an righ: agus amhuil do chifios tú, déana re do sheirbhíseachaibh.
14
Marsin dáontuigh sé ris annsa chuissi, agus do indearbh sé íad ar feadh dheich lá.
15
Agus a ccionn dheich lá do chonncas a ngnúise ní is breághdha agus ní is reimhe a bhfeóil ná an chlann uile noch a duáigh do chuid ronna bídh an rígh.
16
Marso do rug Melsar leis cuid ronna a mbídh, agus a nfíon do ibhedís; agus thug se piseanach dhóibh.
17
¶ Ar son an cheathrair leanabh so, thug Día éolus agus ghocus dóibh annsa nuile fhóghluim agus eagna: agus do bhí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosibh agus aislingibh.
18
Anois a ccionn na láetheadh a ndubhairt an rígh go ttiubhradh sé a steach íad, annsin thug prionnsa na ccailteanach a steach íad a lathair Nebuchadnessar.
19
Agus do comhráidh an rígh ríu; agus níorfrith áon iona measg uile cosmhuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do sheasadar a lathair an rígh.
20
Agus fuáir an rígh íad ní budh féarr deich nuáire náid na draóithe agus na hastroluighthe úile da raibh ann a rioghachdaibh uile, annsna huile chúisibh eagna agus tuicsiona, dar fhíafruigh sé dhíobh.
21
Agus dó chomhnuidh Dániel gus an chéidbhliadhuin do rioghachd an rígh Cirus.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12