bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 5
Daniel 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
1
Do rinne an rígh Belsassar féusta mór do mhíle dhá thighearnadhuibh, agus dibh sé fíon as coinne an mhíle sin.
2
Dáithin Belsassar, an fad do bhí sé ag blasadh a nfíona, na soighthighe óir agus airgid do thabhairt chuíge noch thug a athair Nebuchadnessar as an tteampall ó Ierusalem; chor go niobhadh an rígh, agus a phriónnsadha, a mhná, agus a leannáin, deoch asda.
3
Annsin thugadar leó na soighthighe óir rugadh as an tteampall ó thigh Dé noch do bhí ann Ierusalem; agus dibh an rígh agus a phrionnsadha, a mhná, agus a leannáin, deoch asta.
4
Dibhiodar fíon, agus do mholadar na dée óir, agus airgid, agus práis, agus íaruinn, agus crainn, agus cloiche.
5
¶ Fa namsin féin tháinic amach méur láimhe duine, agus do scríobh thall as coinne an choinnléora ar phlástráil bhalla pháláis an rígh: agus do chonnairc an rígh an chuid don láimh do scríobh.
6
Annsin dáthruigh gnúis an rígh, agus do bhuáidhreadar a smúaintighthe é, iondus go rabhadar ailt a leasruigh scaóilte agus gur bhuáiliodar a ghlúine a naghaidh a chéile.
7
Dfúagair an rígh go hárd na hastroluighthe, na Caldéanuigh, agus an lucht áisdine do thabhairt a steach. Agus do labhair an rígh, agus a dubhairt ré daóinibh eagnuighe na Babilóine, Gidh bé ar bioth léighfios an scríbhinnsi, agus thaisbeanfus a cíall damhsa, éideochar é lé scáirléad, agus do gheabhuidh sé slabhradh óir timchioll a bhrághad, agus biáidh sé na threas úachtarán san rioghacht.
8
Annsin thángadar uile dhaóine críonna an rígh a steach: agus níor fhéadadar an scríbhinn do léaghadh, nó a cíall dinnisin don rígh.
9
Annsin do bhí an rígh Belsassar ar na bhuaidhreadh go mór, agus dathruigh a chruth uime, agus do bhádar a thighearnadha míoshuáimhneach.
10
¶ Anois tháinic an bhainríoghan do bhrigh bhríathar an rígh agus a thighearnadh go tigh na fleidhe: agus do labhair an bhainríoghan agus a dubhairt, A rígh, mair go bráth: ná buáidhreadh do smuáintighthe thú, agus ná háthruigheadh do ghnúis:
11
Atá duine ann do rioghachd, iona bhfuil spiorad na ndée náomhtha; agus a láethibh hathar, fríth solus agus tuicse agus eagna ann, cosmhuil ré heagna na ndée; noch dá ndéarna an rígh Nebuchadnessar hathair, an rígh, a deirim, hathair, maighistir ar na draóithibh, air na hastroluighthibh, air na Caldeánachaibh, agus air na faistineachaibh;
12
Do bhrígh gur fríth spiorad oirdheirc, agus éolus, agus tuigsi, ciallughadh aislingtheadh, agus taisbeanadh cceastanna ccruáidh, agus fúascladh cuntabhart annsa Dániel sin, dá ngoireadh an rígh Beltesassar: a nois goirthear Dániel, agus foillseochuidh sé an chíall.
13
Annsin rugadh Dániel a steach a lathair an rígh. Agus do labhair an rígh agus a dubhairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noch atá do chlainn daóirsine Iúdah, noch thug an rígh mo athair as tír Iúduighe?
14
Do chúalaidh misi iomrádh dot thaóibh, go bhfuil spiorad na ndée ionnad, agus gur fríth solus agus tuicsi agus eagna oirdheirc ionnad.
15
Agus anois tugadh na daóine glioca, agus na hastroluighthe a steach dom lathairse, iondus go leighdis an scríbhinnsi, agus a cíall dfoillsiughadh dhamh: acht níorfhéadadar cíall an neithe dfoillsiughadh:
16
Agus do chúala mé dot thaoibhsi, go bhféudann tú cíallughadh, agus fúascladh ceastann: a nois má fhéadann tú an scríbhinnsi do léaghadh, agus a cíall dinnisin damhsa, éideochar lé scáirléad thú, agus biáidh slabhradh óir fád bhrághaid, agus biáidh tú ad threas úachdarán annsa rioghacht.
17
¶ Annsin do fhreagair Dániel agus a dubhairt a lathair an rígh, Bídís do bhronta agad féin, agus tabhair do luáigheachd do neach oile; gidheadh léighfiodsa an scríbhinn don rígh, agus foillseocha mé a cíall dó.
18
Thusa a rígh, thug an Día is ro áirde dot athair Nebuchadnessar rioghachd, agus mordhachd, agus glóir, agus onóir:
19
Agus do bhrígh na mórdhachda thug sé dhó, do chriothnuighiodar a nuile phobal, cineadhacha, agus teangtha, agus do bhí eagla orra roimhe: do mharbhadh sé an té do thogradhséféin; do chongmhadh sé beo an tí do thogradh sé; agus do chuireadh sé súas an tí thogradh; agus do chuireadh sios an tí do báill leis.
20
Acht an tan tógbhadh a chroidhe súas, agus do chruáidh a inntin a núabhar, do cuireadh as a chathaóir ríogha é, agus do bheanadar a ghlóir dhe:
21
Agus do díothchuireadh é ó mhacaibh na ndaóine; agus do rinneadh a chroidhe cosmhuil ris na beathachaibh, agus do bhí a chomhnuidhe a bhfochair na nassal bhfíadhta: do bhíathadar é lé féur amhuil daimh, agus do bhí a chorp fliuch lé drúcht neimhe; nó gur thuig sé gur bé an Día is ro áirde ríaghlas a rioghachd na ndaóine, agus go nórduighionn sé ós a ccionn an té is áill leis.
22
Agus thusa a mhacsan, a Bhelsassar, níor úmhluigh tú do chroidhe, gidh gur bhfeas duit so uile;
23
Acht dárduighis thú féin a naghaidh Thighearna neimhe; agus thugadar soighthighe a thighe ann thfíaghnuisi, agus dibh tusa, agus do thighearnadha, do mhná, agus do leannáin, fíon asda; agus do mhol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiche, nach bhfaicionn, nach ccluin, agus nach feasach: agus ní thug tú glóir do Dhía, a láimh a bhfuil hanál, agus gur leis huile shlighthe:
24
Annsin do cuireadh an chuid don láimh uádha, agus do scríobhadh an scribhinnsi.
25
¶ Agus sí so an scríbhinn do scríobhadh, MENE, MENE, TECEL, UPHARSIN.
26
Isí so cíall na bhfocal: MENE; Dáirimh Día do rioghacht, agus do chríochnuigh sé í.
27
TECEL; Do toimhseadh thú annsa meadh, agus do fríth easbhuidheach thú.
28
PERES; Do roinneadh do rioghachd agus tugadh do na Medianachaibh agus do na Persianachaibh í.
29
Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduigheadar Dániel le scáirléad, agus lé slabhradh óir fá na bhrághaid, agus thugadar fógra dha thaóibh, go mbíadh sé na threas úachdarán san rioghachd.
30
¶ A noidhchesin do marbhadh Belsassar rígh na Ccaldeánach.
31
Agus do ghlac Dárius an Médianach an rioghachd, ar mbeith dhó timchioll thrí bhfithchid agus dá bhlíadhan daóis.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12