bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 2
Daniel 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 3 →
1
Agus annsa dara bhlíadhain do rioghachd Nebuchadnessar do chonnairc Nebuchadnessar aislingthe, ler buáidhreadh a spiorad, agus dimthigh a chodladh nádh.
2
Ann sin dfúagir an rígh na draóithe do ghairm, agus na hastroluighthe, agus na fáistinigh, agus na Caldeánuigh, chum a aislingeadh do thaisbeanadh don rígh. Annsin thangadar agus do sheasadar a bfiaghnuisi an rígh.
3
Agus a dubhairt an rígh ríu, Do chonnairc mé aisling, agus do bhí mo spíorad buáidheartha dfagháil feasa na haislinge.
4
Annsin do labhair na Caldeánuigh ris an rígh a Síriac, A rígh, mair go bráth; innis dot sheirbhiseachuibh a naisling, agus foillseochaimne an chíall duit.
5
Do fhreagair an rígh, agus a dubhairt sé ris na Caldeánachaibh, Dimthigh an ní uáimsi: muna ttughthaóise fios na haislinge dhumhsa, maille re na cheill, gearrfuighear a bpiosuibh sibh, agus do dhéantar cárn aóiligh dá bhur ttighthibh.
6
Acht má thaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do gheabhthaói bronta náimsi agus luaigheachda agus onóir mhór: nimesin foillsighidh a naisling dhamh, agus a chíall.
7
Do fhreagradar a ris agus a dubhradar, Inniseadh an rígh da sheirbhíseachaibh a naisling, agus taisbeanfuim a chíall dó.
8
Do fhreagair an rígh agus a dubhairt, Atá a fhios agam go deimhin go mbéara sibh a naimsir libh, do bhrígh go bhfaicthi go ndeachaidh an ni uáimsi.
9
Acht muna ttugthaói fios na haislinge dhamhsa, ní bhfuil acht aoinbhreath a mháin oruibh: óir dullmuigheabhair bréaga agus bríathra salcha da labhairt dom lathairsi, no go náthruighthear a naimsir: uimesin innisidh dhamhsa a naisling, agus aitheonuidh mé gur feidir libh a chiall do thaisbeanadh dhamh.
10
¶ Do fhreagradar na Caldeánuigh a lathair an rígh, agus a dubhradar, Ní bhfuil duine air an ttalamh fhéadas cúis an rígh dfoillsiughadh: uimesin ní bhfuil rígh, no tighearna, ná úachtarán, íarrus a leithéid sin do ní ar dhraói, nó air astroluighe, nó ar Chaldeánach.
11
Agus is ní annamh íarrus an rígh, agus ní bhfuil áon ar bioth oile fhéadas a fhoillsiughadh a lathair an rígh, acht na deé, noch nach déan a ccomhnuidhe a bhfeóil.
12
Ar son na cúisisi do bhi an rígh feargach agus ro fhíochmhar, agus dfúagair sé duoine críonna na Babilóine uile do scrios.
13
Agus do chuáidh a náithne amach go muirfidhe na daóine críonna; agus dhíarradar Dániel agus a chompanuigh ré a marbhadh.
14
¶ Annsin do fhreagair Dániel maille ré comhairle agus re heagna do Arioch caiptín an rígh ghárda an rígh, noch do chuáidh amach do mharbhadh dhaóine glioca na Babilóine.
15
Do fhreagair sé agus a dubhairt re Arioch caiptín an rígh, Cred fa bhfuil an fúagra coimhdheithniosachsin on rígh? Annsin dfoillsigh Arioch an chúis do Dhániel.
16
Agus do chuáidh Dániel a steach, agus diarr air an rígh aimsir do thabhairt do féin, agus go ninneosadh sé don rígh cíall na haislingthe.
17
Annsin do chuáidh Dániel dha thigh, agus dinnis an ni do Hananiah, Misael, agus Asariah, a chompánuigh:
18
Go níarradaois grása ar Dhía neimhe a ttáobh na secréidesi; chor nach báiseochaidh Dániel, nó a chompánuigh maille ris an ccuid oile do dhaóinibh ghoca na Babilóine.
19
Annsin do foillsigheadh an tseicréid do Dhániel a bhfis oidhche. Annsin do bheannuigh Dániel Día neimhe.
20
Do fhreagair Dániel agus a dubhairt, Go madh beannuighthe bhías ainm Dé go sáoghal na sáoghal: óir is aige atá eagna agus cumhachd:
21
Agus áthruighidh sé na haimseara agus na huáine: áthruighidh sé ríghthe, agus cuiridh sé ríghthe súas: do bheir sé eagna do na daóinibh glioca, agus eólus don mhéid aithnighios tuigsi:
22
Foillsighidh sé na neithe doimhno agus seicréideacha: atá fios an ní bhios san dorchadus aige, agus comhnuighidh an solus iona fhechair.
23
Buidheachus uáim dhuit, agus moluim thú, a Dhé maithreadh, noch thug eagna agus cumhachda dhamh, agus dfoillsigh dhamh anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsigh tú dhúinn cúis an rígh.
24
¶ Uimesin do chuáidh Dániel a steach a ccionn Arioch, noch dórduigh an rígh chum daóine glioca na Babilóine do scrios: do chuáidh sé agus a dubhairt ris marso; Ná marbh daóine glioca ná Babilóine: beir misi a steach a lathair an rígh, agus foillseocha mé don rígh an chiall.
25
Annsin rug Arioch Dániel a bhfíaghnuise an rígh maille ré deithnios, agus a dubhairt ris marso, Fuáir me duine do bhraighdibh Iúdah, inneosas don rígh an chiall.
26
Do fhreagair an rígh agus a dubhairt ré Dániel, dar bhainm Beltesassar, An bhféadann tusa a naisling noch do chónnairc mé, agus a cíall dfoillsiughadh dhamhsa?
27
Do fhreagair Dániel a bhfiaghnuise an rígh, agus a dubhairt, An tseicréid noch dfiafruigh an rígh ní fhéaduid na draóithe, na daóine glioca, na hastroluighthe, agus na fáisdinigh, a hinnisin don rígh:
28
Acht ata Día ar neamh fhoillsigheas secréide, agus do bheir a fhios do Nebuchadnessar an rígh cred bhías annsna láethibh deighionacha. Isíad so haislingthe, agus fise do chinn air do leabuidh;
29
Ar do shonsa, a rígh, thangadar do smuaintightheann hinntinn air doleabuidh, cred do thiucfadh a ccrích na dhiaighso: agus an té fhoillsighios na secréide do thaisbéin sé dhuitsi cred thiucfas ann.
30
Acht ar mo shonsa, ní dhamhsa do foillisigheadh an tseicréidsi ar son gliocuis ar bith dá raibh ionnam ní is mó ná áonduine béo, acht air son na druinge fhoillseochus an chiall don rígh, agus chor go mbía fios smuáineadh do chroidhe féin agadsa.
31
¶ Do chonnaire tusa, a rígh, agus feach íomhaigh mhóir. Do sheas a niomháigh mhorso, noch ar bhoirdheirc a dealradh, as do choinne; agus dob imeaglach a dealbh.
32
Do budh dór fhíre ceann na híomháighe, a hucht agus a ruighthe dairgiod, a bolg agus a leasracha do phrás,
33
A cosa díarann, a troighthe cuid na níarann agus cuid na ccríaidh.
34
Dféuch tú no gur gearradh cloch amach gan lámha, noch ler buáileadh a níomháigh air a cosaibh do bhí díarann agus do chriáidh, agus do bhris na mblodhuibh íad.
35
Annsin do briseadh an tíarann, an chré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodchuibh a naóinfheachd, agus do rínneadh dhoíbh amhuil cáith urláir bhuáilte san samhradh; agus rug an gháoth lé íad, go nach fríth áit ar bioth dhóibh: agus do rinneadh slíabh mór don chloich do bhuáil a níomháigh, agus do líon sé an talamh uile.
36
Así so a naisling; agus inneosam a cíall a lathair an rígh.
37
Thusa, a rígh, atair ad rígh ós ríoghuibh: óir thug Día neimhe dhuit rioghacht, cumhacht, agus neart, agus glóir.
38
Agus giodh bé áit a naitrighid clann na ndaóine, beathuigh na talmhán agus éunláith neimhe thug sé ad láimhsi íad, agus do rinne sé úachdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.
39
Agus ad dhiaighsi éireochuidh rioghachd oile is lugha na thusa, agus an treas rioghachd oile do phrás, noch bhéarus úachdaranachd ós cionn na talmhan uile.
40
Agus biáidh an ceathramhadh rioghacht láidir amhuil íarann: óir brisidh an tíarann agus claóidhidh a nuile ní: agus amhuil bhrisios an tíarann íad so uile, brisfidh fós agus brúidhfidh é.
41
Agus amhuil do chonnairc tú na cosa agus na méir, cuid do chriáidh an photadóra, agus cuid díarann, roinnfighior an rioghachd; achd biáidh inte do neart a níaruinn, an tionad iona bhfaca tú an tíarann camaisce lé criáidh shuáite.
42
Agus mar do bhádar méir na ccos cuid díarann, agus cuid do chriáidh, marsin bhías an rioghachd biáidh cuid dhi láidir, agus cuid briste.
43
Agus an tionad a bhfaca tú an tíarann cumaiscthe lé criaidh láibe, cumaiscfid síad íad féin lé sliochd daóine: nach greamachuidh aon díobh dhá chéile, amhuil nach greamochuidh íarann cumaisce lé criáidh.
44
Agus a láethibh na ríogh so cuirfidh Día neimhe rioghachd súas, nach scriosfuighear go bráth: agus ní fúigfighear an rioghachd ag daóinibh oile, achd brisfidh sí iona codchuibh agus díbeoruidh na rioghachda uile, agus seasfuidh sí go brath.
45
An tionad a bhfaca tú gur gearradh cloch as a tslíabh amach gan lámha, agus gur bhris sí an tíarann amblodhuibh, an prás, an chré, an tairgiod, agus an tór; do rad an Día mór a fhios don rígh cred thiucfas a ccrích na dhiaighso: agus atá a naisling dearbhtha, agus a cíall daingion.
46
¶ Annsin do thuit an rígh Nebuchadnessar air a aghaibh, agus dumhluigh sé do Dhániel, agus daithin sé go nofralaidís íodhbairt, agus boladh cumhra dó.
47
Do fhregair an rígh do Dhániel, agus a dubhairt, Is dearbh, gur Día na ndée bhur Ndíasa, agus Tighearna ar ríoghuibh, agus foillsitheach secréideadh, ó dfeud tusa an tseicréidse dfoillsiughadh.
48
Annsin do rinne an rígh duine mór do Dhániel, agus thug sé iomad tiodhlaiceadh dhó, agus do rinne sé úachdarán de ós cionn uile phrobhinnse na Babilóine, agus úachdarán ós cionn uile dhaóine glioca na Babilóine.
49
Annsin díarr Dániel air an rígh, agus do chuir sé Sadrach, Mesach, agus Abednego, ós cionn ghnothuigheadh phroibhinnse na Bábilóine: acht do shuigh Dániel a ngeata an rígh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12