bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 11
Daniel 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 12 →
1
Agus annsa chéidbhlíadhuin do Dhárius an Médianach, do sheas misi, eadhon misi, dá dhaingniughadh agus dá neartughadh.
2
Agus anois taisbeanfuidh mé dhuitsi a nfírinne. Féuch, seasfuid súas fós trí ríghthe san Phersia; agus budh saidhbhre an ceathramhadh rígh ná íad uile go ro mhór: agus le na neart tré na shaidhbhrios corrochuidh sé súas a nuile dhuine a naghaidh ríoghachda na Gréige.
3
Agus seasfuidh rígh cumhachdach súas, thighearnfus maille re cumhachtaibh móra, agus do dhéana sé do réir a thola féin.
4
Agus a nuáir éireochus sé súas, brisfighear a rioghacht, agus roinnfighthear í leath ré ceithre gháothaibh neimhe; agus ní dá shliochd féin, nó do réir a thíghearnuis noch do ríaghluidh sé: óir tarruingthar súas a rioghacht, eadhon do dháoinibh oile táobh amuigh dhíobhsan.
5
¶ Agus biaidh rígh an deisceirt láidir, agus áon da phrionnsadhuibh; agus biáidh sé láidir ós a chionnsan, agus biáidh sé a ttighearnus; budh tighearnus mór a thighearnus.
6
Agus a ccionn bhliadhan ceingeoluid féin dá chéile; óir tiucfa inghean rígh an deisceirt chum rígh an tuáisceirt do dhéanamh réitigh: acht ní choinneocha sí cumhachd na láimhe; ní mo sheasfas seision, ná a lámh: acht seachodthar ise súas, agus an drong thug leó í, agus an té dá rugadh í, agus an té do neartuigh í, annsna haimsearuibhsi.
7
Acht as beangán dá fréimh seasfuidh áon súas iona staid, noch thiucfas lé sluágh, agus rachfus a steach a ndaingionn rígh an tuáisgeirt, agus chuirfios na naghaidh, agus bhéarus buáidh:
8
Agus bhéarus mar an cceadna braighde don Négipt maille le na ndeéibh, maille re na bprionnsadhuibh, gon a soithighibh mórluáigh airgid agus óir; agus béaruidh sé ní sa mhó do bhlíadhnuibh ná rígh an tuáisceirt.
9
Marsin tiucfa rígh an deisceirt chum a rioghachda, agus fillfidh sé chum a dhúithche fein.
10
Agus coirreochthar a mhic súas, agus cruinneochuid iomad slóigh do armibh móra: agus tiucfa aon go deimhin, agus tuilleochuidh thairis, agus rachuidh thríd: annsin fillfidh sé, agus corrochthar súas é, dá dhaingionn.
11
Agus corrochthar rígh an deisceirt le feirg, agus tiucfa amach agus troidfidh ris, eadhon lé rígh an tuáisceirt: agus cuirfidh sé slúagh mór amach; achd do bhéarthar an slúagh iona láimh.
12
Agus a núair scríosfas sé an slúagh, tóigfighear a chroidhe súas; agus teilgfe sé síos iomad do dheich míltibh: acht ní neirteochar le sin é.
13
Oír fillidh rígh an tuáisceirt, agus cuirfidh sé slúagh mór amach is mó ná an chéadshlúagh, agus tiucfa go deimhin (tar éis bhliadhan áirigh) go slúagh mór agus saidhbhrios mór.
14
Agus ann sa naimsin seasfuid mórán súas a naghaidh rígh an deisceirt: mar an ccéadna áirdeochuid sladmhóire do dhaóinesi íad féin do chruthughadh na fise; acht tuitfid síad.
15
Ann sin tiucfa rígh an tuáisceirt, agus teilgfidh móta súas, agus géabhuidh sé na caithreacha is ró láidre: agus ní sheasfuid lámha an deisceirt, nó a dhaóine toghtha, ní mó bhías neart air bioth ré seasamh na naghaidh.
16
Acht an té thig na adhuigh do dhéana sé do réir a thola féin, agus ní sheasfa duine ar bioth ris: agus seasfuidh sé annsa tír ghlórmhair, noch scriostar le na láimh.
17
Suidheocha sé a aghaidh fós do dhul a steach maille re neart a rioghachda uile, agus iomad do dhaóinibh fíréunta maille ris; do dhéana sé so: agus do bhéara dhó inghean na mban, da truáilleadh: acht ní sheasfa sí, agus ní mó bhías sí dá tháoibhsin.
18
Na dhiáigh so fillfidh sé a aghaidh air na hoileanuibh, agus géabha sé mórán díobh: acht do bhéara prionnsa air a shon féin fa deara an mhasla thug sé úadh do scur; gan scannail dó féin do bhéara sé air iompogh airsion.
19
Annsin fillfidh sé a aghaidh leath re daingionn a thíre féin: achd do gheabha sé tuisleadh agus tuitfidh sé, agus ní bhfuighthear é.
20
Annsin seasfuidh súas iona ionad suíghe fear tógbhalach géarrthadh a nglóir na rioghachta: acht táobh a stigh do bheagán laétheadh muirfighear é, ní a bhfeirg, nó a ccath.
21
¶ Agus éireochuidh súas iona áit pearsa uirísiol, da nach ttiubhruid síad onóir na rioghachda: acht tiucfa sé a steach go síothchánta, agus gnodhachuidh sé an ríoghacht le mealltóireachd.
22
Agus lé lámhuibh tuile báithfighear íad ó bheith roimhe, agus biáid briste; fós, mar an ccéadna prionnsa an chunnartha.
23
Agus tar éis na síodhchána do dhéanamh ris oibreacha sé go cealgach: óir tiucfa sé súas, agus fásfuidh sé láidir lé beagan daóine.
24
Rachuidh sé a steach go síothchánta air na háitibh is féarr annsa bprobhinnsi; agus do dhéana sé an ní nach deárnadar a aithre, nó aithre a aithreadh; sgaóilfe sé iona measc an chreach, agus a néadáil, agus an saidhbhrios: fós, teilgfidh sé roimhe láimh a thionsganta a naghaidh na ndaingion láidir, eadhon ar feadh aimsire.
25
Agus corrocha sé súas a chumhachta agus a mheanma a naghaidh rígh an deisceirt maille ré slúagh mór; agus corrochthar súas rígh an deisceirt chum catha maille ré slúagh ro mhór neartmhar; acht ní sheasfuidh sé: óir gléusfuid tionnscanta na aghaidh.
26
Aseadh, an lucht bhíathas ar a chuid bídh féin muirfid é, agus tuileocha a shlúagh: agus tuitfidh mórán síos marbh.
27
Agus biáidh croidhe an dá ríoghso ré déanamh uile, agus laibheoruid bréaga air áonbhord; acht ní bhéara sin búaidh: óir biáidh an chríoch fós annsa nam chinte.
28
Annsin fillfidh sé dhá dhúthaigh féin maille ré sáidhbhrios mór; agus a chróidhe a naghaidh an chunnartha náomhtha; agus do dhéana sé ní mór, agus fillfidh sé dhá thír féin.
29
Ann sa nam chinnte fillfe sé, agus tiucfa sé leath ris an ndeisceart; achd ní bhiáidh sin mar an ccéidní, nó mar an ní deighionach.
30
¶ Oír tiucfuid longa Chittim na aghaidh: uimesin biáidh sé doilghiosach, agus fillfidh sé, agus biáidh fearg air a naghaidh an chunnartha náomtha: marsin féin do dhéana sé; eadhon fillfidh sé, agus do gheabha sé sgéala maille ris an ndruing thréigios an cunnradh náomhtha.
31
Agus seasfuid lámha air a thaóbh, agus truáilleochuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níodhbairt laetheamhuil, agus suidheochuid an ghráineamhlachd do ní fásach.
32
Agus an lucht do ní go holc a naghaidh an chunnartha truáilleochar lé spleadhuibh íad: acht na daóine agá bhfuil fios a Ndé béid láidir, agus do dheanuid gníomha gaisgeamhla.
33
Agus múinfidh an lucht atá tuigsionach a measc na ndaóine mórán: gidheadh tuitfid síad leis an ccloidheamh, agus leis an lasair, lé daóirsine, agus le millteachus, mórán do láethibh.
34
Anois an tan thuitfid siad, cuideochar léo re beagán cuidigh: acht druidfid mórán ríu maille ré spleadhuibh.
35
Agus tuitfidh cuid don druing thuigsionaigh, dá ndearbhadh, dá nglanadh, agus dá ndéanamh geal, eadhon go haimsir an deiridh: do bhrígh go bhfuil sin fós chum aimsire cinte.
36
Agus do dhéana an rígh dó réir a thola féin; agus áirdeochuidh sé é féin, agus méideochuidh sé é féin ós cionn gach uile dhée, agus laibheoruidh sé neithe iongantacha a naghaidh Dé na ndía, agus béaruidh sé buáidh nó go ccríochnuighthior an nfearg: do bhrígh gur bé an ní do cinneadh do dhéantar.
37
Ní mó bhías suim aige a Ndía a athar, nó a ttoíl ban, ní mó uimhleochus sé daóindía: óir méideochuidh sé é féin ós cionn a nuile.
38
Acht iona áit onórfuidh sé Día na ndaingneach: agus día nar bhaíthnid dá aithribh, onórfuidh sé lé hór, agus lé hairgiod, agus lé clochaibh búadha, agus lé neithibh breághdha.
39
Marso do dhéana sé annsna daingnibh láidre lé día coimhightheach, noch aideomhas sé, agus mhéideochus lé glóir: agus do bheara orra ríaghlughadh ós cionn mhóráin, agus roinnfidh sé a ndúthaigh ar lúach.
40
¶ Agus a naimsir an deiridh cnagfuidh rígh an deisceirt é: agus tiucfa rígh an tuáisceirt iona aghaidh amhuil gáothghuáirdéain, le carbaduibh, agus le marcshlúagh, agus le mórán long; agus rachuidh sé a steach annsna tiorthaibh, agus do bhéara sé an tonn thársa agus rachuidh thairis anonn.
41
Rachuidh sé mar an ccéadna a steach don dúthaigh ghlórmhair, agus claoidhfighear mórán: acht rachaid so as ó na láimh, Edom, agus Moab, agus togha chloinne Ammon.
42
Sínfidh sé fós a lámh amach air na tíorthaibh: agus ní rachuidh dúthaigh na Hegipte as.
43
Acht biáidh cumhacht aige ós cionn na nionnmhus óir agus airgid, agus ós cionn uile neithe mórlúaigh na Hégipte: agus béid na Líbianuigh agus na Hétíopigh air a ccoiscéimibh.
44
Acht buáidhreochuidh sgéulta amach as a noirthear é agus as an ttuáisceart: uime sin rachuidh sé amach ré cúthach mór daidhmhilleadh, agus do scrios mhórán thrid amach.
45
Agus suidheocha sé pailliúin a pháláis eidir na fairgibh annsa tslíabh ghlormhar náomhtha; thairis sin tiucfa sé chum a chríche, agus ní chuideochuidh duine ar bioth ris.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12