bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 10
Daniel 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 11 →
1
Annsa treas bhliadhain do Chírus rígh na Persia do foillsigheadh ní do Dhaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, acht dob fhada an tam cinte: agus do thuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
2
Annsna laéthibhsin do bhí misi Dániel ag doilghios trí seachdmhuine iomlána.
3
Níor ith mé bíadh blasda ar bioth, ní mó tháinic feóil nó fíon ann mo bhéul, ní mó do fhothruighios mé féin ar áonchor, nó gur coimhlíonadh trí seachdmhuine iomlána.
4
Agus annsa cheathramhadh la fithchiod don chéid mhí, mar do bhí mé ré táobh na habhann móire, noch Hiddecel;
5
Annsin do thóig mé mo shúile súas, agus do chonnairc mé, agus féuch duine áirigh a néadach lín, agá rabhadar a leasrach criosluighthe lé hór fínealta Uphas:
6
Do budh cosmhuil a chorp mar an ccéadna lé berill, agus a ghnúis amhuil thaisbeanadh tinntighe, agus a shúile mar lampadha teineadh, agus a lámha agus a chosa cosmhuil a ndáth ré prás líomhtha, agus fuáim a bhríathar cosmhuil ré gúth mhóráin.
7
Agus misi Dániel amháin dó chonnairc a nfis: óir ní fhacadar an mhuinntir do bhí am fhochair a nfis; acht do thuit crioth mór orra, iondus gur theitheadar dá bhfolach féin.
8
Uimesin do fágbhadh misi am áonar, agus do chonairc mé a naisling mhórso, agus níor fhan spracadh ar bioth ionnam: óir diompóigh mo mhaise ar míomhaise ionnam, agus níor chonnaimh mé neart ar bioth.
9
Thairis sin do chúala mé gúth a bhriathar: agus an tan do chúala me gúth a bhríathra, annsin do bhí mé a ccodladh throm air maghaidh, agus méadan ris an ttalamh.
10
¶ Agus, féuch, do bhean lámh riom, noch do chuir air mo ghlúinibh mé agus air chláruibh mo dhearnann.
11
Agus a dúbhairt sé riom, A Dhániel, a dhuine air a bhfuil grádh mór, tuig na bríathra a déara misi riot, agus seas súas go direach: óir is chugad do cuireadh mé anois. Agus an tan do labhair sé riom, do sheas mé ar crioth.
12
Annsin a dubhairt sé riom, Ná heagluidh, a Dhániel: óir ón chéad lá fár shuighidh tú do chroidhe ar thuicsi, agus ar úmhluighis thú féin a bhfíaghnuisi do Dhé, do chlos do bhríathra, agus tháinic misi ar son do bhríathar.
13
Acht do sheas prionnsa rioghachda na Persia riom lá agus fithche: acht, féuch, tháinic Michael, áon do na haird phrionnsadhuibh, dom chabhair; agus do chomhnuigh mé annsin ag ríghthibh na Persia.
14
Anois tháinic mé do thabhairt ortsa a thuicsin, créd theigeomhus dot dhaóinibh annsna láethibh deighionacha: óir atá a nfis fós ar feadh mhóráin láethe.
15
Agus an tan do labhair sé a leithéid sin do bhríathruibh riom, do chuir mé maghaidh air an ttalamh, agus do bhí mé balbh.
16
Agus, féuch, do bhean áon cosmhuil re samhuil mhac na ndaóine rem phúsuibh: annsin dfoscuil mé mo bhéul, agus do labhair me, agus a dúbhairt me ris an té do sheas am fhiadhnuisi, O mo thighearna, dfilliodar mo dhoilghiosa orum leis an bhfis, agus níor chonnaimh mé neart ar bioth.
17
Oír ciondus do fhéadfadh seirbhíseach mo thighearna labhairt ris so mo thighearna? óir ar mo shonsa, ar ball níor fhan brígh ar bioth ionnam, ní mo do fágbhadh anál ionnam.
18
Annsin tháinic a rís agus do bhean riom áon cosmhuil ré taisbeanadh duine, agus do neartuigh sé mé,
19
Agus a dúbhairt, A dhuine air a bhfuil róghrádh, ná bíodh eagla ort: síothcháin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do labhair sé riom, do neartuigheadh mé, agus a dúbhairt, Labhradh mo thighearna; óir do neartuigh tú mé.
20
Annsin a dubhairt sé, An bhfeadair tú cred fa ttáinic misi ad choinne? agus anois fillfidh mé do throid ré prionnsa na Persia: agus an tan rachfus mé amach, féuch, tiucfuidh prionnsa na Gréige.
21
Acht taisbeanfa mé dhuit an ní atá aithnidh a scrioptúir na fírinne: agus ní bhfuil áon chungnas liom annsna neithibhse, acht Michael do phrionnsasa.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12