bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 9
Daniel 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
1
Annsa chéid bhlíadhuin do Dhárius mhac Ahasuerus, do shíol na Médianach, noch dá ndéarnadh rígh ós cionn rioghachd na Ccaldeánach;
2
Ann sa chéidbhlíadhuin dá rioghacht thuig misi Dániel lé leabhruibh uibhir na mblíadhan, do tháobh a ttáinic bríathar an TIGHEARNA go Ieremiah an fáidh, iondus go ccoimhlíonadh sé seachtmhoghad blíadhan a bhfásughadh Ierusalem.
3
¶ Agus do chuir mé maghaidh air an Tighearna DIA, dá íarruidh le hurnuigh agus lé gearánuibh, maille re trosgadh, agus le saicéadach, agus lé luáithreadh.
4
Agus do ghúidh mé chum an TIGHEARNA mo Dhía, agus do rinne mé mo fhaóisidin, agus a dubhras, A Thighearna an Día mór báoghlach, ag comhall an chunnartha agus trócaire don druing ghrádhuighios é, agus don drong choimhéadas a aitheanta;
5
Do pheacuigheamairne, agus do rinneamar éigceart, agus do rinneamar go holc, agus do chogamar, eadhon le dealughadh ód theagasgaibhsi agus ód bhreitheamhnusaibh:
6
Ní mó déisdeamar le do seirbhíseach aibh na fáidhe, noch do labhair ann hainmsi lé ar ríghthibh, re ar bprionnsadhuibh, agus re ar naithribh, agus ré huile phobal na tíre.
7
O a Thighearna, fíreuntachd dhlighios tusa, acht sinne náire aightheach, amhuil atá a níugh; do mhuinntir Iúdah, agus do áitreabhthachaibh Ierusalem, agus do Israel uile, atá a bhfogus, agus a nimchéin, air feadh na nuile thíorthann ionar dhíothchuir tusa íad, do bhrígh a bpeacuidh noch do pheacuigheadar ad aghaidhsi.
8
O a Thighearna, dlighmidne náire aighthe, ar ríghthe, ar bprionnsadha, agus ar naithre, do bhrígh gur pheacuigheamar ad aghuidhsi.
9
Re ar Ttighearna DIA bheanas trócaire agus maitheamhnus, bíodh gur chathaigheamairne na aghaidh;
10
Ní mó dúmhluigheamar do ghúth an TIGHEARNA ar Ndía, do shíubhal iona dhlighthibh, noch do chuir sé romhuinn le na sheirbhíseachaibh na fáighe.
11
Do sháruigh fós, Israel uile do dhligheadh, agus sin le filleadh air ais, chor nach éisdedís red ghúthsa; uimesin do dóirteadh an mállughadh oruinn, agus an mionn atá scríobhtha a ndligheadh Mhaóise seirbhiseach Dé, do bhrígh gur pheacuigheamar na aghaidh.
12
Agus do choimhlíon sé a bhríathra, noch do labhair se ar naghaidh, agus a naghaidh ar mbreitheamhan thug breitheamhnus oruinn, lé tabhairt uilc mhóir oruinn: óir ní déarnadh faói neamh go hiomlán amhuil do rinneadh air Ierusalem.
13
Amhuil atá scríobhtha a ndligheadh Mhaóise, tháinic an tolcso uile oruinn, thairis sin ní dheárnamairne ar nguidhe a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA ar Ndía, ionnus go bfhillfimís ó ar nolc, agus go ttuigfemís thfírinnesi.
14
Uimesin do fhorfhairigh an TIGHEARNA ar a nolc, agus thug sé oruinne é: óir atá an TTIGHEARNA ar Ndía fíréanta ann uile oibreachuibh do ní sé: óir níor umhluigheamairne dá ghúth.
15
Agus a nois, a Thighearna ar Ndía, noch thug do phobal amach as crích na Hégipte le láimh láidir, agus fuáir clú dhuit féin, amhuil atá a niugh; do pheacuigheamairne, do rinneamar go holc.
16
¶ O a Thighearna, do réir huile fhíréantachd, íarruim dathchuinghe ort, filltear ar ais thfearg agus thfíochmhaireachd ó do chathruigh Ierusalem, do shlíabh náomhtha: do bhrígh gurob ar son ar bpeacuighne, agus ar son éigceart ar naithreadh, atá Ierusalem agus do phobal na scannail do nuile dá bhfuil gacha táobha dhínn.
17
Annois ar a nadhbharsin, O ar Ndía, éisd guidhe do sheirbhísigh, agus a ghearáin, agus tabhair air haghaidh déallrughadh air do shanctóir atá áonránach, ar son an Tighearna.
18
O mo Dhía, cláon do chlúas, agus cluin; oscuil do shúile, agus féuch ar náonránacht, agus an chathair noch goirthear as hainm: óir ní chuirmidne ar nguidhe dot lathair ar son ar nionracuis, acht ar son do mhórthrócaireadh féin.
19
O a Thighearna, éisd; a Thighearna, maith; a Thighearna, cluinn agus déan; ná mainnigh, ar do shon féin, O mo Dhía: óir is as hainm goirthear do chathair agus do phobal.
20
¶ Agus an feadh do bhí mé ag labhairt, agus ag guidhe, agus ag admháil mo pheacuigh agus peacadh mo phobail Israel, agus ag cur mo ghearáin a lathair an TIGHEARNA mo Dhía ar son shléibhe náomhtha mo Dhé;
21
Fós, an feadh do bhí mé ag labhairt a núrnaigh, an fear céadna Gábriel, noch do chonnairc mé annsa bhfis ar tús, air ar tugadh eitiol do dhéanamh go deithniosach, do bhean sé riom a dtimchioll aimsire íodhbartha an tráthnóna.
22
Agus do theagaisg sé dhamh, agus do chomhráidh sé riom, agus a dúbhairt, A Dhániel, thainic misi anois amach do thabhairt gliocuis agus tuicsiona dhuitsi.
23
A ttosach híarratuis tháinic a náithna amach, agus atáimsi ar tteachd dá thaisbeanadh dhuitsi; óir áta tú ar do ghrádhughadh go ro mhór: uimesin tuig an tadhbhar, agus meas a nfis.
24
Seachtmhoghad seachtmhuin do cinneadh air do phobal agus air do chathruigh náomhtha, do chur críche air a tsárughadh, agus críoch do chur air pheacadhuibh, agus do dhéanamh síothchána ar son éigceirt, agus do thabhairt fíréantachda síorruidhe a steach, agus do shéuladh na fise súas agus na tairrghire, agus dungadh an té is ro Náomhtha.
25
Biodh a fhios agad air a nadhbharsin agus tuig, go mbía ó dhul amach na háithne Ierusalem daisiog agus do chur súas gus an Messiah an Prionsa seachd seachtmhuine, agus trí fithchid agus dá sheachtmhuin: cuirfighear an tsráid súas a rís, agus an balla, eadhon a naimsioruibh buáidheartha.
26
Agus tar éis dá sheachdmhuin agus trí fithchid géarfuighear amach Messiah, acht ní ar a shon féin: agus scriosfuidh pobal an phrionnsa thiucfas an chathair agus an tsanctóir; agus biáidh a ccríoch sin lé tuile, agus go deireadh an chogaidh do cinneadh a náonranacht.
27
Agus daingneocha sé an cunradh ré mórán air feadh aoin tseachdmhuine: agus a lár na seachdmhuine do bhéara sé air a nofráil agus air a níodhbairt scur, agus do bhrígh foirleithne ghráineamhlachda do dhéana sé áonránach í, eadhon go nuige an ccríochnughadh, agus sin ar ccinneadh dóirtfighear é air a nuáignios.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12