bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 6
Daniel 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 7 →
1
Do budh toil lé Darius céad agus fithche prionnsa do chur ós cionn na rioghachda, noch do bhíadh ós cionn na rioghachda uile.
2
Agus ós a ccionn so trí húachdaráin; (ar bhé Dániel an chéaidfhear dhíobh:) lé ttiubhraidís na prionnsadha a ccuntas dóibh, agus nach bíadh damaiste air an rígh.
3
Anois do toghadh an Dánielse ós cionn na nuáchdarán agus na bprionnsadh, do bhrígh go raibh spiorad oirdheirc ann; agus do bhreathnuigh an rígh a chur ós cionn na rioghachda uile.
4
¶ Annsin do smúaineadar na húachdaráin, agus na prionnsadha cúis dfagháil a naghaidh Dhániel a ttaobh na rioghachda; achd níor fhéadadar cúis ar bioth nó lochd dfághail ann; do bhrígh go raibh sé fírinneach, ní mó fríth earráid ná lochd ann.
5
Annsin a dubhradar an mhuinntirse, Ní bhfuigheam cuis ar bith a naghaidh an Danielsi, muna bhfagham í na aghaidh a ttáobh dhlighe a Dhé.
6
Annsin do chruinnigheadar na húachdaráinsi agus na prionnsadha a ccionn a chéile a lathair an rígh, agus a dubhradar marso ris, A rígh Dárius, mair go bráth.
7
Do chomhairlighiodar uile úachdaráin na rioghachda, na riaghlóirigh, na prionnsadha, na comhairligh, agus na caiptínigh lé chéile, statúid ríoghamhuil do dhaingniughadh, agus órdughadh daingion do dhéanamh, gidh bé íarrfas athchuinge ar bioth air Dhía air bith nó air dhuine air feadh tríochad lá, acht ortsa, a rígh, a theilgion a núaimh na leomhan.
8
Anois, a rígh, daingnidh an tórdughadh, agus séuluidh an scríbhinn, iondus nach áthruighthior é, do réir dhlighe na Médianach agus na Bpersianach, nach áthruighionn.
9
Uimesin do shéuluidh an rígh Dárius an scribhinn agus an dligheadh.
10
¶ Anois an tan do thuig Dániel gur séuladh an scríbhinn, do chuáidh sé dhá thigh; agus armbeith da fhuinneóig oscuilte iona sheomra leath ré Ierusalem, do léig sé síos air a ghlúinibh é trí huáire san ló, agus do ghuidh sé, agus rug buidheachus a bhfíaghnuise a Dhé, mar do níodh sé san naimsir roimhe.
11
Annsin do chruinnigheadar na daóinesi, agus fúaradar Dániel ag urnaighthe agus ag déanamh gearáin a lathair a Dhé.
12
Annsin thangadar a bhfogus, agus do labhradar a bhfíaghnuisi an rígh, attáobh fhúagartha an rígh; Nach ar shéalluidh tusa dligheadh, gach uile dhuine dá níarradh athchuinge ar Dhía ar bith nó air dhuine táobh a stigh do thríochad lá, acht ortsa, a rígh, go tteilgfidhe a nuáimh na leomhan é? Do fhreagair an rígh agus a dubhairt se, Is fíor an ní do réir dhlighe na Médianach, agus na Bpersianach, nach áthruighionn.
13
Annsin do fhreagradarsan agus a dubhradar a lathair an rígh, Ní bhfuil suim ag Dániel, noch atá do dhaóirsine chloinne Iúdah, ionnadsa, a rígh, nó annsa dligheadh do shéaluidh tú, acht do ní sé íarratas trí huaire san ló.
14
An sin, an tan do chuáluidh an rígh na bríathraso, do bhí sé ro fheargach ris féin, agus do shuighidh sé a chroidhe ar Dhániel dá sháoradh: agus doibrigh se go dul gréine faói dá sháoradh.
15
Ansin do chruinnigheadar an mhuinntirse chum an rígh, agus a dubhradar ris an rígh, Bíodh a fhios agad, a rígh, gur bé dligheadh na Médianach agus na Bpersianach, Gan dligheadh ar bioth nó reachd dá ndaingneocha an rígh dáthrughadh.
16
Annsin daithin an rígh, agus thugadar Dániel léo, agus do theilgiodar é a nuáimh na leomhan. Anois do labhair an rígh, agus a dubhairt sé ré Dániel, Sáorfuidh do Dhía thú, dá bhfóghnann tú a ccomhnuidhe.
17
Agus tugadh cloch, agus do leagadh ar bhéul na húamha í; agus do shéaluidh an rígh le na shignead féin í, agus le signéad a thighearnadha, iondus nach háthrochuidh an tionnsgnamh a ttáobh Dhániel.
18
¶ Annsin do chuáidh an rígh da phálás, agus do chaith sé a noidhene na throsgadh: ni mó tugadh adhbha chiúil do lathair: agus do chuáidh a chodladh úadh.
19
Ann sin déirigh an rígh go ró mhoch ar maidin, agus do chuáidh go deithniosach go huáimh na leomhan.
20
Agus an tan tháinic sé chum na húamha, do ghoir sé maille re gúth trúaghanta ar Dhániel: agus do labhair an rígh agus a dubhairt re Dániel, A Dhániel, a sherbhisigh Dé bhí, an féidir lé do Dhía, dar fhóghain tú a ccomhnuidhe, do sháoradh ó na leomhanuibh?
21
Annsin a dubhairt Dániel ris an rígh, A rígh, mair go bráth.
22
Do chuir mo Dhía a aingiol, agus do dhruid sé béil ná leomhan, iondus nar ghortuigheadar mé: do bhrígh gur fríth neimhchionta ionnam dá lathair; agus fós ad fhiaghnuisisi, a rígh, ní dhéarna mé urchóid ar bith.
23
Annsin do bhí an rígh ro lúathgháireach dá thaoibh, agus daithin sé go ttugaidís Dániel súas as a nuáimh. Marsin rugadh Dániel súas as a núaimh agus níor fríth gné ar bioth dhochair air, do bhrígh gur chreid sé iona Dhía féin.
24
Agus daithin an rígh, agus thugadar leó an drong sin do rinne casaoid ar Dhániel, agus do theilgiodar a nuáimh na leomhan íad, íad fein, a mná, agus a cclann; agus rugadar na leomhuin buáidh orra, agus do bhrisiodar na ccotchaibh a ccnámha suil rangadar íochdar na húamha.
25
¶ Annsin do scríobh an rígh Dárius chum a nuile phobal, chineadhacha, agus teangtha, áitreabhus annsa talamh uile; Go méaduighthear síothcháin dibh.
26
Do nímsi órdughadh, An gach uile thighearnas dom rioghachd go mbiáidh crioth, agus uámhan air a nuile roimhe Día Dhániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráth, agus isí a rioghacht nach sgriosfuighear choidhche, agus biáidh a thighearnas go deireadh.
27
Sáoruidh sé agus tárthuighidh sé, agus oibrighidh sé comharthadha agus ionganta a bhflaitheamhnus agus annsa talamh, noch do sháor Dániel ó chumhachd na leomhan.
28
Marsin do chuáidh an Dánielse air a aghaidh a ríghe Dhárius, agus a ríghe Chírus an Persianach.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12