bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 7
Daniel 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
1
Annsa chéd bhlíadhuin do Bhelsassar rígh na Babilóine, do chonnairc Dániel aisling agus fise a chinn air a leabuidh: annsin do scríobh sé á naisling, agus dinnis sé suim na mbríathar.
2
Do labhair Dániel agus a dubhairt, Do chonnairc mé ann maisling san noidhche, agus, féuch, do throideadar ceithre gáotha neimhe air an bhfairge mhóir.
3
Agus thangadar ceithre beathuigh mora súas as an bhfairge, éagsamhuil gach áon ó ar oile.
4
Do bhí an chead amhuil leomhan, agus do bhádar sciatháin iolair air: agus dfeachus no gur thairngeadh a sciathain, do tógbhadh súas ón ttalámh é agus tugadh air seasamh air na cosaibh amhuil duine, agus tugadh croidhe duine dhó.
5
Agus féuch beathach oile, an dara, amhail beithir, agus do thóg súas é féin ar táobh, agus do bhí trí asna iona bhéul idir a fhiaclaibh: agus a dubhradar marso ris, Eirigh, sluig mórán feóla.
6
Ná dhiáighso do chonnairc mé, agus féuch áon oile, amhuil liopard, agá raibh ceithre sciatháin éin air a dhruim; ceithre cinn fós air an mbeathach; agus tugadh tighearnas dó.
7
Na dhiáigh so do chonnairc mé a naislingibh na hoidhche, agus feuch an ceathramhadh beathach, úamhnach agus imeaglach, agus ro neartmhar; agus do bhádar fíacla móra íaruinn aige: do shluig sé agus do bhris a mblodhuibh, agus do phreab an chuid oile le na chosaibh: agus dob éagsamhuil é do nuile bheathach tháinic roimhe; agus do bhádar deich nadharca air.
8
Do mheas mé na hadharca, agus, féuch, tháinic súas iona measg adharc bheag oile, roimhe a raibh a trí do na hadharcaibh oile tairngthe súas as a bhfréumhuibh: agus, féuch, annsa nadhaircsi do bhádar súile cosmhuil ré súilibh duine, agus béul ag labhairt neithe móra.
9
¶ Dféuch mé nó gur teilgeadh na cathaoire ríogha síos, agus do shuigh Sinsior na laétheadh, agá ráibh a chulaidh coimhgheal lé sneachda, agus grúag a chinn amhuil olann mhín: budh cosmhuil a chathaóir ríogha lé lasair theineadh, agus a riothleáin amhuil teine loiscnigh.
10
Tháinic sruth tinntighe amach agus tháinic amach as a choinne: do bhí míle do mhíltibh ag miniostrálachd dó, agus deich míle uáir deich míle do sheas as a choinne: do suigheadh an breitheamhnus, agus do hoscladh na leabhair.
11
Dféuch mé annsin do bhrígh ghotha na mbríathar mór do labhair a nadharc: dféuch mé nó gur marbhadh an beathach, agus gur milleadh a chorp, agus gur tugadh don lasair thintighe é.
12
A ttáobh na coda oile do na beathachaibh, do beanadh a ttighearnus díobh: gidheadh do faduigheadh a mbeatha air feadh tamuill agus aimsire.
13
Do chonnairc mé a bhfisibh na hoidhche, agus, féuch, tháinic áon cosmhuil re Mac an duine lé neulluibh neimhe, agus tháinic sé chum Sinsir ná láetheadh, agus thugadar a bhfogus dá lathair é.
14
Agus tugadh tighearnas, agus glóir dhó, agus rioghacht, chor go bhfoghnadh a nuile phobal, cineadh, agus teángtha dhó: is tighearnas síorruidhe a thighearnas, nach niomeochaidh thort, agus sí a rioghacht nach díoghbháighfighear.
15
Do bhí misi Dániel doilghiosach ann mo spioraid a lár mo chuirp, agus do bhuáidhriodar fise mo chinn mé.
16
Tháinic mé a bhfogus dáon díobh do sheas a ccomhghar, agus dfíafruigh mé a fhírinne só uile dhe. Annsin dinnis se dhamh, agus thug orum fios céille na neithionn do bheith agam.
17
Is ceithre ríghthe, na ceithre beathuigh mhórasa, noch éireochus as an ttalamh.
18
Acht géabhuid naóimh an té is ro Airde an rioghachd, agus sealbhochuid an rioghachd go bráth, go sáoghal ná sáoghal.
19
Annsin budh mhían liom fios fírinne an cheathramhadh bheathuigh dfagháil, noch dob éagsamhuil ón ccuid eile uile, ro úathbhásach a rabhadar a fhíacla díarann, agus a ingne do phrás; noch do shluig, do bhris a mblodhuibh, agus do bhrúigh an chuid oile le na chosaibh;
20
Agus na ndeich nadharc do bhí ar a cheann, agus a naóin oile tháinic súas, agus roimhe ar thuitiodar tríur, eádhon na hadhairce agá rabhadar súile, agus béul do labhair neithe ro mhóra, a raibh a fhéuchuin niosa ró árrthachda náid a chompanuigh.
21
Do chonnairc mé, agus do rinne a nadharc chéadnaso cogadh ris na náomhuibh, agus do rug buáidh orra;
22
Nó go ttáinic Sinsior na laétheadh, agus tugadh breitheamhnus do náomhuibh an té is ro Airde; agus tháinic an tan gur shealbhuigheadar na naóimh an rioghacht.
23
Is marso a dúbhairt sé, Budh é an ceathramhadh beathach an ceathramhadh ríoghachd air an ttalamh, noch bhías éagsamhuil ó nuile rioghachd, agus sluigfidh sé an talamh go hiomlán, agus sailteoruidh sé síos é, agus brisfidh a mblodhuibh é.
24
Agus is deich ríghthe na deich nádharca éireochus as an rioghachd so: agus éireochuidh rígh oile na ndiaigh; agus budh éaccosmhuil ón chéid rígh é, agus claóidhfidh sé trí ríghthe.
25
Agus laibheora sé bríathra móra a naghaidh an té is ro Airde, agus caithfidh amach naóimh an té is ró Airde, agus sáoilfidh aimsiora agus dlighthe dáthrughadh: do bhéarthar iona láimh íad go haimsir agus go haimsioruibh agus go roinn aimsire.
26
Acht suighfidh an breitheamhnus, agus béaruid a thighearnus úadha, da dhíoth‐laithriughadh agus da scrios go deireadh.
27
Agus béarthar an rioghachd agus an tighearnas, agus mórdhachd na rioghachda faói neamh go hiomlán, do mhuinntir náomh an té is ró Aírde, noch ar rioghachd síorruidhe a rioghacht, agus fóigheonuid agus uimhleochuid a nuile thighearnas dó.
28
Go nuige so atá críoch a nadhbhair, Ar mo shonsa Dániel, do bhuáidhreadar mo smúaintighthe go mór mé, agus dáthruigh mo dhealbh ionnam: acht do choimhéad mé an chúis ann mo chroidhe.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12