bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 3
Daniel 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 4 →
1
Do rinne Nebuchadnessar an rígh íomháigh óir, iona raíbh trí fitchid cubhad ar áirde inte, agus sé cubhaid ar leithead, agus do chuir sé súas í a réiteach Dúra, a bproibhinnse na Babilóine.
2
Annsin do chuir Nebuchadnessar an rígh cruinniughadh a bhfochair a chéile air na prionnsadhuibh, air na húachdaránuibh, air na caiptínibh, air na breitheamhnuibh, air na treisineribh, air na comhairleachuibh, air na siorraim, agus luchd ríaghluidh na bprobhinnseadh uile, teachd chum cóisreactha na híomháighe noch do chuir Nebuchadnessar an rígh súas.
3
Annsin do cruinnigheadh a bhfochair a chéile, na prionnsadha, na huáchdaráin, na caiptínigh, na breitheamhuin, na treisinere, na comhairligh, na siorraim, agus uile ríaghlóirighe na bprobhinnseadh, chum coisreactha na híomháighe, do chuir Nebuchadnessar an rígh súas; agus do sheasadar as coinne na hiomháighe do chuir Nebuchadnessar súas.
4
Annsin dfúagair an bollsaire go hárd, Do haithnigheadh dhíbhsi, A dhaóine, a thíortha, agus a theangtha,
5
Gidh bé ar bioth uáir do cluinfidhe an buábhall dá shéideadh, an fiúit, an chláirseach, sacbut, psaltair, dulcimer, agus a nuile shórt ceóil, go nuimhleochthaói síos agus go nadharthaói a níomháigh órdha do chuir Nebuchadnessar an rígh súas:
6
Agus gidh bé nach léigfe é féin síos agus adhradh tteilgfíghear a nuáirsin féin é a lár fhúirneise lasamhla.
7
Uimesin an tan, do chúaluidh an pobal uile fuáim an bhuabhuill, na flúite, na cláirsighe, na psaltracha, sacbut, agus a nuile shórt ceóil, do léig na huile dhaoine, críocha, agus teangtha, síos íad agus do adhradar a níomháigh ordha do chuír Nebuchadnessar an rígh súas.
8
Ar a nadhbharsin thangadar dream do na Caldeánachaibh an tan sin a lathar, agus déilighiodar na Iúduighe.
9
Do labhradar agus a dubhradar ris an rígh Nebuchadnessar, A rígh, mair go brath.
10
Thug tusa, a rígh, fúagra, gach uile dhuine dá ccluinfeadh fuáim na hadhairc, na flúite, cláirsighe, sacbut, psaltracha, dulcimer, agus a nuile shórt ceóil, go léigfidís síos íad agus go naidheoraidís a níomhaigh órdha.
11
Agus giodh bé ar bioth nach léigfeadh é féin síos agus nach adhradh, go tteilgfidhe a lár fuirníse loisgníghe lasamhla é.
12
Atáid drong áirigh do Iúduighibh noch do chuir tú óscionn ghnothuigheadh phrobhinnsi na Babilóine, Sadrach, Mesach, agus Abednego; ní thugadar na daóinesi, a rígh, meas ortsa: ní fhoghnuid dot dhéeibh, ní mó adhruid a níomhaigh órdha do chuir tú súas.
13
¶ Annsin daithin Nebuchadnessar iona bhuile agus iona fheirg, Sadrach, Mesach, agus Abednego do thabhairt chuige. Annsin thugadar na daóinesi a lathair an rígh.
14
Do labhair Nebuchadnessar, agus a dubhairt se riú, An fíor, a Shadrach, Mhesach, agus Abednego, nach bhfoghantaoi dom dhéibhsi, agus nach adharthaoi a níomháigh órdha chuir mé suas?
15
Anois má bhithí réidh giodh bé ar bioth uáir chluinnfidhe fuáim an bhúabhuill, na flúite, cláirsighe, sacbut, psaltrach, agus dulcimer, agus a nuile shórt ceoil, go nuimhleochthaoi síos agus go naidheorthaoi a níomháigh noch do rinne misi; is maith é: achd muna nadharthaoi, teilgfighear a núairsin féin sibh a lár fuirníse lasardha; agus cía hé an Día sin sháorfas as mo láimhse sibh?
16
Do fhreagair Sadrach, Mesach, agus Abednego, agus a dubharadar ris an rígh; O a Nebuchadnessar, ní bhfuil suim aguinn freagra do thabhairt duit annsa chúisi.
17
Mas amhluidh atá, is féidir leir Ndía féin dá bhfoghnamoid ar saoradh ó nfuirnís lasardha loisgnidh, agus saórfa sé sinn as do láimhsi, a rígh.
18
Acht muna ndéarna, bíodh a fhios agadsa, a rígh, nach déanam seirbhis dot dhéeibhsi, ní mó aidheoram a niomháigh órdha do chuir tú súas.
19
¶ Annsin do bhí Nebuchadnessar lán do chúthach, agus dathruigh dealbh a aighthe a naghuidh Shadrach, Mhesach, agus Abednego: uimesin do labhair sé, agus do aithin sé a nfuirnis do théaghadh seachdnuáire ní is mó ná mar cleachdaoi a téaghadh.
20
Agus do aithin sé do na daóinibh budh neartmhuire do bhí iona shlúagh, Sadrach, Mesach, agus Abednego, do cheangal agus a tteilgion annsa bhfuirnís loisgnigh theineadh.
21
Annsin do ceangladh na daóinesi iona ccótadhuibh, iona ttriusaibh, agus iona mbirréaduibh, agus iona néaduighibh eile, agus do teilgiodh a lár na fúirnise lóisgnighe lasardha íad.
22
Ar a nadhbharsin do bhrígh go raibh áithne an rígh éigiontach, agus a nfuirnís te go hiomarcach, do mharbh lasair na teineadh an drong do thóig súas Sadrach, Mesach, agus Abednego.
23
Agus do thuiteadar an tríur fearso, Sadrach, Mesach, agus Abednego, ceangailte a lár na fuirníse loisgnighe teineadh.
24
¶ Annsin do bhí an rígh Nebuchadnessar lán dúamhan, agus déirigh sé súas go deithniosach, agus do labhair, agus a dubhairt re na chómhairleachaibh, Nach tríur fear do theilgeamar ceangailte a lár na teineadh? do fhreagradarsan agus a dubhradar ris an rígh, Is fíor a rígh.
25
Do fhreagair seision agus a dúbhairt sé, Féuch, do chímse ceathrar fear sgaóilte, ag siubhal a lár na teineadh, agus ní bhfuil dochar ar bioth orra; agus is cosmhuil gnúis an ceathramhadh duine re Mac Dé.
26
Annsin tháinic Nebuchadnessar láimh re béul na fuirnísi loísgnigh teineadh, agus do labhair, agus a dubhairt, A Shadrach, Mhesach, agus Abednego, sibhsi a sheirbhísigh an Dé is ro áirde, tigidh amach, agus tigidh annso. Annsin tháinic Sadrach, Mesach, agus Abednego, amach as lár na teineadh.
27
Agus íar ccruinninghadh do na prionnsadhaibh, na ríaghlóiríghibh, agus na caíptinibh, agus comhairleachaibh an rígh a bhfochair a chéile, do choncadar na daóinesi, air nach raibh cúmhachda ar bioth ag an tteine air a ccorpuibh, ní raibh ruibe dá cceann loisge, ní mó do hathruigheadh a ccótadha, ní mó do bhean boladh na teineadh ríu.
28
Annsin do labhair Nebuchadnessar, agus a dubhairt sé, Go madh beannuighthe Día Shadrach, Mhesach, agus Abednego, noch do chuir a aingeal úadh, agus do sháor a sheirbhísigh do chuir a ndóthchus ann, agus do tharcuisnigh bríathar an rígh, agus dáontuigh a ccorp, go nach bhfoigheonaidís agus nach aidheoraidís dée ar bioth, acht a Ndía féin.
29
Uime sin do nímse órdughadh, Na huile dhaóine, chineadhacha, agus teangtha, noch labhrus aóinní nach cóir a naghaidh Dé Shadrach, Mhesach, agus Abednego, do ghearradh na bpíosuibh, agus cárn aoiligh do dheanamh dá ttighthibh: do bhrígh nach bhfuil Día ar bioth oile fhéudus tártháil air an modhso.
30
Annsin dárduigh an rígh Sadrach, Mesach, agus Abednego, a bprobhinnse na Babilóine.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12