bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 8
Daniel 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
1
Annsa treas blíadhain do rioghachd Bhelsassar do chonncas aisling dhamhsa, dhamhsa Dániel, tar éis an nígh do chonnairc mé a chéaduáir.
2
Agus do chonnairc mé a naisling; (agus tháinic a ccrích, a nuáir do chonnairc mé, go raibh mé ann Súsan annsa phálás, noch atá a bprobhinnsi Elam;) agus do chonnairc mé a naisling, agus do bhí mé ag abhuinn Ulai.
3
Annsin do thóig mé súas mo shúile, agus do chonnairc mé, agus, féuch, do sheas as coinne na habhann reithe air a rabhadar dhá adhairc: agus dob árd an dá adhairc; achd budh áirde áon ná an dara, agus tháinic a nadharc budh áirde súas fa dheireadh.
4
Do chonnairc mé an reithe ag gabháil, síar, agus budh thúaigh, agus budh dheas; ionnus nach seasfaidís beathuigh ar bith ris, nó áon do fhéadfadh ní do sháoradh as a láimh; acht do rinne do réir a thola féin, agus dfás sé mór.
5
Agus mar do bhí mé ag meas, féuch, tháinic gabhar firionn ó náird shíar ar adháigh na talmhan uile, agus níor bhean ris an ttalamh: agus do bhí adhairc oirdheirc eidir shúilibh an ghabhair.
6
Agus tháinic chum an reithe agá raibh an dá adhairc, noch do chonnairc mé na sheasamh ag a nabhuin, agus do rioth sé chuige a ccúthach a neirt.
7
Agus do chonnairc mé é ag teachd a bhfogus don reithe, agus do bhí sé lán dfíoch na aghaidh, agus do bhúail sé an reithe, agus do bhris a dhá adhairc: agus ní raibh cumhachda aig an reithe seasamh ris, achd do theilg sé síos chum na talmhan é, agus do shaltair air: agus ní, raibh aon do fhéad an reithe do sháoradh as a láimh.
8
Uimesin dfás an poc romhór: agus an tan do bhí sé láidir, do briseadh a nadharc mhór; agus tháinic iona háit ceithre hadharca móirmheasta leath ré ceithre gáothaibh neimhe.
9
Agus tháinic adharc bheag amach as aón aca, nach dfás go hanmhór, don leath theas, agus don leath shoir, agus leath ris an ndúthaigh aóibhinn.
10
Agus dfás sé mór, eadhon go sluágh neimhe; agus do theilg síos cuid don tsluágh agus do na réultuibh gus an ttalamh, agus do shaltair sé orra.
11
Aseadh, do mhóruigh sé é féin eadhon go prionnsa an tsluáigh, agus is leis rugadh as a niodhbairt láetheamhuil, agus do teilgiodh síos áit a shanctora.
12
Agus tugadh slúagh dhó a naghaidh na híodhbartha láetheamhla do bhrígh sáruighthe, agus do theilg síos a nfírinne gus an ttalamh; agus do ghnáthuigh sé, agus tháinic air a aghaidh.
13
¶ Annsin do chúala mé áon náomh ag labhairt, agus a dubhairt náomh oile ris a náomh áirighsin do labhair, Ga fad bhías a naisling a ttáobh na híodhbartha láetheamhla, agus sáruighthe na háonránachda, do thabhairt aráon na sanctóra agus an tsluáigh do shaltairt faoi chois?
14
Agus a dúbhairt seision riomsa, Go dá mhíle agus trí chéud lá; annsin glanfuighear an tsanctóir.
15
¶ Agus tárla, an tan do chonnairc misi, misi Dániel, a nfis, agus do lorgair mé a cíall, annsin, féuch, do sheas as mo choinne mar thaisbeanadh duine.
16
Agus do chúala mé gúth dúine eidir bhrúachaibh Ulai, noch do ghoir, agus a dubhairt, A Ghabriel, tabhair ar an bhfearso an nfis do thuigsin.
17
Annsin tháinic sé a bhfogus do náit ar sheas mé: agus a nuáir tháinic sé, do bhí mé eaglach, agus do thuit mé air maghaidh: acht a dúbhairt seision riom, Tuig, a mhic an duine: óir is a ndeireadh na haimsire bhías a naisling.
18
Anois mar do bhí sé ag labhairt riom, do bhí mé a ccodladh throm ar maghaidh leath ris an ttalamh: acht do bhean seision riom, agus do chuir sé súas go díreach mé.
19
Agus a dubhairt sé, Féuch, do bhéara misi ort a fhios do bheith agad cread bhías annsa chrích dheighionuigh an dioghaltais: óir biáidh an deireadh san nam chinte.
20
An reithe do chonnairc tú agá raibh dhá adhairc isíad sin ríghthe Média agus Persia.
21
Agus isé an gabhar garbh rígh na Gréige: agus isé an chéid rígh a nadharc mhór atá eidir a shúilibh.
22
Ar na bhriseadh sin, a náit ar sheasadar ceathrar súas air a shon, seasfuid ceithre rioghachta súas as an ccineadh, acht ní iona cumhachdaibhsion.
23
Agus san naimsir dheighionuigh a rioghachda, an tan coimhlíonfuighear lucht an néigceirt, seasfuidh súas, righ gnúise bhuirbe, agus ráidhteadh ndorcha do thuicsin.
24
Agus budh cumhachtach a neart, acht ní le na chumhachdaibh féin: agus scriosfuidh sé go hiongantach, agus rachaidh sé air a aghaidh, agus ghnátheochuigh, agus scriosfuidh sé na cumhachdaigh agus na daóine náomhtha.
25
Agus fós tré na ghliocas do bhéara sé biseach air cheilg iona láimh; agus mórfuidh é féin iona chroidhe, agus lé síothcháin scriosfaidh sé iomad: seasfuidh sé fós súas a naghaidh Phrionnsa na bprionnsadh; acht brisfighear é a néagmhuis láimhe.
26
Agus is fíor fis an tráthnóna agus na maidne noch do hinniseadh: uimesin íadhsa súas a nfis; óir is a ccionn mhóráin laétheadh bhías sí.
27
Agus danbhfáinnigh misi Daniel, agus do bhádhas tinn laethe áirigh; na dhiáighsin déirigh mé súas, agus do rinne mé ghnothuighe an rígh; agus do bhí uáthbhás orum fa a naisling, achd níor thuig duine ar bith í.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12