bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Daniel 4
Daniel 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
1
Nebuchadnessar an rígh chum a nuile phobal, cineadhacha, agus teangtha, áitreabhus air an ttalamh uile; Go méaduighthear síothcháin díbh.
2
Do mheas mé gur maith ré thaisbeanadh na comharthadha agus na hionganta dfoillsuighadh doibrigh an taird Dhía leath riemsa.
3
Cread méad a chomharthadha! agus créad cumhachduigh a iongantadh! is rioghacht shíorruidhe a rioghacht, agus atá a thighearnus ó ghinealach go ginealach.
4
¶ Do bhí misi Nebuchadnessar a suáimhneas ann mo thigh, agus ag oirdheareadh ann mo phálás:
5
Do chonnairc mé aisling do chuir eagla orum, agus do bhúaidhir smuáintighthe air mo leabuidh mé agus fise mo chinn.
6
Uimesin do rinne mé órdughadh daóine glioca na Babilóine uile do thabhairt a steach dom lathair, chor go ttiubhraidís dhamh fios céille na haislinge.
7
Annsin thangadar na draóithe, na hastroluighe, na Caldeánuigh, agus na fáisdinígh a steach: agus dinnis mé a naisling da lathair; acht níor fhoillsighiodar dhamh a cíall.
8
¶ Acht fa dheireadh tháinic Dániel a steach dom lathair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo dhe, agus iona bhfuil spiorad na ndée náomhtha:) agus dinnis mé a naisling da lathair, ag rádh,
9
O a Bheltesassar a mhaighistir na ndrúagh, do bhrígh go bhfuil a fhios agam spiorad na ndée náomhtha do bheith ionnad, agus nach buáidhreann secréid ar bioth thú, innis damhsa fise maislinge do chonnairc mé, agus a cíall.
10
Marso do bhádar fise mo chinn ar mo leabuidh; do chonnairc mé, agus féuch crann a lár na talmhan, agus budh mór a áirde.
11
Dfás an crann, agus do bhí sé láidir, agus ráinic a áirde go neamh, agus a radharc go foircheann na talmhan uile.
12
Do budh breágha a dhuille, agus budh iomdha a thoradh, agus do bhí biadh ann do niomlán: do bhí scáile ag beathachaibh an mhachaire faói, agus dáitreabhadar éunlaith neimhe iona ghéagaibh, agus do bheathuigheadh a nuile fheóil de.
13
Do chonnairc mé a bhfisibh mo chinn air mo leabuidh, agus, féuch, tháinic fear faire agus áon náomhtha a núas ó neamh;
14
Dfúagair seision go hárd, agus a dubhairt marso, Gearruidh síos an crann, agus gearruidh a bheangáin de, croithidh a dhuille dhe, agus díoscaóilidh a thoradh: imthighdis na beathuighe ó bheith faói, agus a néunlaith ó na bheangánuibh.
15
Thairis sin fagbhuidh bun a fhréimhe annsa talamh, eadhon lé cuibhreach íaruinn agus práis, a bhféur mín an mhagha; agus fliuchthar é lé drúcht neimhe, agus bíodh a chuid ronna maille ris na beathuighibh a bhféur na talmhan.
16
Athruighthear a chroidhe gan bheith na chroidhe duine, agus tugthar croidhe beathuigh dhó; agus tigdís seachd naimsiora thairis.
17
Is lé hórdughadh na bhfear faire atá an chúis si, agus an tíarratus lé bréithir na náon náomhtha: chor go mbí a fhios aig an mbeó go ríaghluighionn an té is ro Airde a rioghacht na ndaóine, agus go ttabhair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóinibh.
18
Do chonnairc misi Nebuchadnessar rígh a naislingse. Anois thusa, a Bheltesassar, foillsigh a cíall, mar nach bhfeaduid uile dhaóine glioca mo rioghachda a cíall dfoillsiughadh: acht féaduigh tusa é; óir atá spiorad na ndée náomhtha ionnad.
19
¶ Ann sin do bhí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na chriothnughadh ar feadh uáire, agus do bhuáidhriodar a smuáintighthe é. Do labhair an rígh, agus a dubhairt, A Bheltesassar, na buáidhreadh a naisling, nó a cíall thú. Do fhreagair Belltesassar, agus a dubhairt, A thighearna, bíodh a naisling don druing fhúathuighios thú, agus a cíall dot naimhdibh.
20
An crann do chonnairc tú, noch dfas, agus do bhí láidir, a ráinic a áirde go neamh, agus a radharc don talamh uile;
21
Agá raibh a dhuille breágha, agus a thoradh iomadamhuil, agus do bhí na bhíadh do nuile; faoi ar chomhnuigheadar beathuighe an mhagha, agus air a ghéagaibh a raibh áitreabh aig éunlaith neimhe:
22
Is tusa é, a rígh, dfás agus tháinic chum bheith láidir: óir dfás do mhéid, agus ráinic go neamh, agus do thighearnas go crích na talmhan.
23
Agus an tionad a bhfaca an rígh forfhaireach agus áon náomhtha ag teachd a núas ó neamh, agus ghá rádh, Gearruidh síos an crann, agus scriosuidh é; thairis sin fágbhuidh bun na bhfréamh annsa talamh, éadhon lé cuibhreach íarruinn agus práis, a bhféur mhín an mhagha; agus fliuchthar é lé drúcht neimhe, agus bíodh a chuid ronna maille re beathuighibh an mhachaire, go ndeachuid seachd naimsiora thairis;
24
Isí so an chíall, a rígh, agus isé so órdughadh an tí is ro Airde, noch tháinic air mo thighearna an rígh:
25
Go ndíbeóruid thusa ó dhaóinibh, agus go mbiáidh do chomhnuidhe a bfochair bheathach na talmhan, agus do bheirid ort féur dithe mar dhaimh, agus fliucfuid thú ré drúcht neimhe, agus rachfuid seacht naimsiora thort, nó go naithnighidh tú gur bé an té is ro Airde ríaghlas a rioghacht na ndaóine, agus do bheir í don té is áill leis.
26
Agus an tionad ar áithnighiodar bun fhréamh an chrainn dfágbháil; biáidh do rioghachd daingion agadsa, tar éis thú dhá aithniughadh go riaghluid na neamha.
27
Ar a nadhbharsin, a rígh, gabh mo chomhairlesi, agus bris díot do pheacuidhe lé fíréuntas, agus héigceart lé foillsiughadh trócaire do na bochdaibh; más fadughadh ar do shíothcháin é.
28
¶ Tháinic so uile air an rígh Nebuchadnessar.
29
A ccionn dá mhíos déag do bhí sé ag spaisdeóireachd a bpáláis rioghachda na Babilóine.
30
Do labhair an rígh, agus a dubhairt sé, Nach í so an Bhabilóin mhór dfoirgnidh misi mar thigh na rioghachda re neart mo chumhacht, agus donóir dom mhórdhachd féin?
31
An feadh do bhí an focal a mbéul an rígh, do thuit guth ó neamh, ag rádh, A rígh Nebuchadnessar, is riotsa labharthar; Do dhealuigh an rioghachd riot.
32
Agus díbeoruid síad ó dhaoinibh thú, agus biáidh háitreabh a bhfochair bheathach an mhachaire: do bhéuruid ort féur dithe amhuil daimh, agus rachuid seachd naimsiora thort, nó go raibh a fhios agad gur bé an té is ro Airde ríaghlus a rioghachd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.
33
Air a nuáirsin féin do coimhlíonadh an ní air Nebuchadnessar: agus do díothcuireadh ó dhaóinibh é, agus a duáigh sé féur amhuil daimh, agus do bhí a chorp fliuch lé drúcht neimhe, nó gur fhás a ghrúag amhuil cleiteach iolair, agus a ingne amhuil crobuibh éun.
34
Agus a ccionn na láetheadhsin misi Nebuchadnessar do thóig mé súas mo shúile chum neimhe, agus dfill mo thuigsi chugam, agus do bheannuidh mé an té is ro Airde, agus do mhol mé agus donóruighios an té mhairios go bráth, noch ar tighearnus síorruighe a thighearnus, agus agá bhfuil a rioghachd ó ghinealach go ginealach:
35
Agus meastar uile áitreabhthuigh na talmhan amhuil neimhní: agus do ní seision do réir a thola féin ar shlúagh neimhe, agus a measc áitreabhthach na talmhan: agus ní fhéadann duine ar bioth a lámh do chosg, nó a rádh ris, Cred do ní tú?
36
Annsa namsin féin dfill mo chíall chugam; agus air son ghlóire mo rioghachda, dfill monóir agus mo dhéalradh chugam; agus díarradar mo chomhairligh agus mo thighearnadha mé; agus do dhaingnigheadh ann mo rioghachd mé, agus tugadh tuilleamh mórdhachd oirdhearca dhamh.
37
Anois misi Nebuchadnessar moluim agus árduighim agus onóruighim Rígh neimhe, ar fírinne a oibreacha uile, agus gur breitheamhnus a shlighthe: agus an drong shiubhluighios a núabhar féuduigh sé a nísliughadh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12