bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 1
2 Corinthians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
1
Mise Pól, atá i mʼaspal ag Íosa Críost le toil Dé, agus Timótéus ár mbráthair. Ag beannú don eaglais atá ag Dia i gCoraint, agus dá bhfuil de naoimh ann ar fud Acáia:
2
Go raibh grásta agus síocháin agaibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3
Buíochas do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, buíochas dʼAthair na dtrócairí agus do Dhia an tsóláis,
4
a thugas sólás dúinn inár n-angar uile, ionas go dtugaimid sólás uainn dá mbíonn faoi angar, leis an sólás sin a fhaighimid féin ó Dhia.
5
Mar dá fhairsinge ár gcuid de phianta Chríost, is fairsing ár gcuid den sólás trí Chríost.
6
Ní bhíonn angar orainne nach mbíonn sólás agus slánú oraibh dá bharr; agus ní bhíonn sólás againne nach mbíonn ina shólás agaibhse, ach glacadh go foighneach le bhur gcuid de na pianta a bhíos orainne.
7
Is daingean do-chorraithe ár ndóchas in bhur dtaobh; mar tá fhios againn go mbeidh sibh páirteach inár sólás freisin, de réir mar atá sibh páirteach inár bpianta.
8
Mar ní mian linn, a bhráithre, sibh a fhágáil in aineolas ar an angar a bhí orainn san Áise; ó bhí sé ina thromualach thar acmhainn a thug orainn deireadh dúile a bhaint den bheatha féin.
9
Ar ndóigh, bhíomar mar dhaoine a bheadh teilgthe chun báis; ach gur tharla sin ionas nach mbeadh ár muinín asainn féin, ach as Dia a bheos na mairbh;
10
ba é a dʼfhuascail agus a fhuasclós sinn as an mbaol marfach sin; agus tá dóchas againn as go ndéanfaidh sé ár bhfuascailt arís.
11
Caithfidh sibh féin cabhrú linn freisin leis an urnaí, ionas go mbeidh mórán ag tabhairt buíochais do Dhia ar ár son mar gheall ar an ngrásta atá mar thoradh ar mhórán urnaithe.
12
Mar is ábhar maíte dúinn é fianaise ár gcoinsiasa féin, gur iompraíomar sinn féin ar an saol seo, go háirithe sna cúrsaí a bhain libhse, go diaga naomhdhúthrachtach, ní le gliceas talmhaí ach le grásta Dé.
13
Mar nílimid ag scríobh chugaibh aon ní nach bhfuil so-léite agus so-thuigthe; agus tá súil agam go dtuigfidh sibh tríd is tríd é,
14
mar thuig sibh as, go bhféadann sibh bheith chomh bródúil asainn agus a bheimidne asaibh i lá an Tiarna Íosa.
15
Ó bhí mé cinnte de sin, bhí fonn orm teacht chugaibh ar dtús, leis an dá oiread pléisiúir a thabhairt daoibh;
16
ag tabhairt cuairte oraibh ar mo bhealach go dtí an Mhacadóin, agus ag filleadh oraibh ón Macadóin le caoi a thabhairt daoibh comóradh a thabhairt dom is mé ag imeacht go hlúdaea.
17
An raibh mé taodach nuair a bhí mé ag brath air sin a dhéanamh? An mbíonn mo bhearta á ndéanamh agam mar fhear saolta, a bhíos réidh le is ea agus ní hea a rá den aon anáil amháin?
18
Chomh cinnte le dílseacht Dé, ní raibh ár mbriathar libhse ina is ea agus ina ní hea san aon am amháin.
19
Mar an Mac sin Dé, Íosa Críost, a bhíodh á sheanmóireacht ag Silbhánus agus ag Timótéus agus agam féin in bhur measc, níorbh aon is ea agus ní hea é; mar ní bhíonn ann ach is ea i gcónaí.
20
Mar is lena ainmsean a dhearbhaítear agus a deirtear is ea le geall-tanais uile Dé. Is ar an ábhar sin a bhímid ag rá Áiméan trína ainmsean, ag tabhairt glóire do Dhia.
21
Ach is é Dia a bhíos ár ndaingniú libh i gCríost, agus a rinne sinn a cheapadh;
22
agus chuir sé a shéala orainn agus dhoirt sé a Spiorad inár gcroíthe mar urra air.
23
Ach a fhianaise ar Dhia i mʼéadan féin—is ar eagla go ngoillfeadh sé oraibh a dʼfhan mé gan teacht go Coraint.
24
Ní hea go mbímid ag déanamh máistreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibriú libh le háthas a bheith oraibh, ó bíonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13