bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 8
2 Corinthians 8
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
1
Ba mhaith linn, a bhráithre, a fhios a bheith agaibhse conas a nochtadh grásta Dé in eaglaisí na Macadóine,
2
mar is san uair ba mhó a theann an t-anró orthu a chuir a n-ardáthas agus a ndianbhochtanas thar maol i bhfair-singeacht a bhféile.
3
Táim i mʼfhinné air gur thugadar uathu de réir a n-acmhainne, agus go ndeachaigh siad thar a n-acmhainn dá ndeoin féin,
4
ag impí orainn a ligean dóibh bheith páirteach san fhóirithint sin a bhí le déanamh ar na naoimh—
5
agus rud nach raibh coinne again leis, thoirbhir siad iad féin do Dhia ar dtús agus dúinne le toil Dé.
6
Táimid á iarraidh mar sin ar Thítus críoch a chur ar an obair dhéirciúil seo, ar thosaigh sé uirthi in bhur measc.
7
Anois ó bíonn gach ní ar fheabhas agaibh—idir chreid-eamh agus urlabhra agus eolas agus dhúthracht agus bhur ngrá dúinne—ligigí dom a fheiceáil go bhfuil an obair dhéirciúil sin déanta ar fheabhas freisin.
8
Ní hé sin le rá go bhfuil mé á ordú, ach ag baint feidhme as dúthracht na ndaoine eile lena fheiceáil an bhfuil sibhse dáiríre in bhur ngrá.
9
Mar tá a fhios agaibh faoi ghrásta ár dTiarna Íosa Críost, a rinne bochtán de féin ar bhur son, agus é saibhir, ionas go ndéanfadh sibh bhur saibhreas as a bhochtanas.
10
Agus níl mé ach ag cur comhairle oraibh sa ghnó sin: is fearr daoibh an obair sin a chríochnú anois, a raibh tús agaibh uirthi agus spéis agaibh inti bliain ó shin,
11
ionas go mbeidh acmhainn agaibh lena chur i gcríoch ar nós a chuirfeas leis an dea-thoil a bhí agaibh.
12
Mar má bhíonn an toil ag duine, glactar leis de réir a bhfuil de mhaoin aige, agus gan dul thar á acmhainn.
13
Níl uaim bheith éadrom ar dhaoine eile agus trom oraibhse,
14
ach a dhéanamh cothrom anois, bhur bhflúirse ag comhlíonadh a riachtanais, ionas go gcomhlíonfaidh a bhflúirsesean bhur riachtanas amach anseo, go dtí go mbeidh sibh cothrom le chéile.
15
Mar atá scríofa, “An té a bhailigh mórán ní raibh fullleach ina dhiaidh, agus an té a bhailigh beagán ní raibh aon easpa air.”
16
Ach altú do Dhia a bhog croí Thítuis, ar chaoi go bhfuil sibh chomh cúramach aigesean agus agamsa.
17
Ní hamháin gur dheonaigh sé lenár n-achainí, ach tá fonn mór air dul chugaibh uaidh féin.
18
Agus táimid ag cur chugaibh in éineacht leis an bráthair sin a bhfuil a chlú i mbéal na n-eaglaisí uile de gheall ar an dóigh a mbíonn an soiscéal á sheanmhóireacht aige;
19
agus lena chois sin, is é atá ceap-aithe ag na heaglaisí le bheith ina chomhthaistealaí linn san obair ghrádiaúil sin atá á déanamh againn, le glóir Dé a mhéadú agus lenár ndea-mhéin féin a thaispeáint.
20
Ní toil liom go mbeadh aon locht le fáil ag aon duine orainn i dtaobh an bhronntanais fhéil sin atá á chur i bhfeidhm againn,
21
mar is mian linn fiúntas a dhéanamh ní hamháin i súile an Tiarna ach i súile na ndaoine.
22
Agus maraon leo siúd táimid ag cur an bhráthar sin chugaibh ar fhéachamar a dhúthracht go minic i mórán gnóthaí, agus ar mhóide a dhúthracht de bharr a mhórmhuiníne asaibhse.
23
Maidir le Títus, is é mo chomrádaí agus mo chomhoibritheoir é ag freastal oraibh, agus maidir lenár mbráithre, is iad atá ina dteachtairí ó na heaglaisí, agus ina nglóir do Chríost.
24
Fágaim fúibh é mar sin a thaispeáint os comhair na n-eaglaisí go bhfuil grá in bhur gcroíthe, agus gur fíor dom ag maíomh fúibh leis na fir seo.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13