bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 6
2 Corinthians 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
1
Bímid mar sin ag comhoibriú leis, ag impí oraibh gan glacadh le grásta Dé ar neamhthoradh.
2
Deir sé, “Is in uair na faille a dʼéist mé leat, chabhraigh mé leat i lá an tslánaithe.” Seo agaibh anois uair na faille, anois lá an tslánaithe!
3
Ní chuirimid toirmeasc ar aon duine, ar eagla go gcuirtí an milleán orainn mar fhreastalaithe,
4
ach ag déanamh ár ndíchill ar gach dóigh le bheith inár seirbhísigh inmholta ag Dia: le méid ár ndo-chloíteachta, in angar agus in anró agus i mí-ádh,
5
faoi thrombhuillí agus faoi bhraighdeanas, faoi ionsaithe ón daoscarshlua, le tromshaothar agus le heaspa codlata agus le hocras;
6
le glaine chroí, agus le heolas agus le foighne agus le cineáltas, agus leis an Spiorad Naomh agus le dílseacht ár ngrá,
7
agus le fírinne ár mbria-thair agus le cumhacht Dé; le hairm an fhir fhíréin don láimh dheas agus don láimh chlé;
8
má thugtar onóir nó easonóir dúinn, dár moladh nó dár gcáineadh. Meastar inár mealltóirí sinn agus an fhírinne againn;
9
is daoine gan suim sinn a bhfuil clú mór orainn; bímid ag saothrú an bháis agus sinne beo beathach; cuirtear smacht orainn gan ár gcur chun báis;
10
gnúis bhrónach orainn agus lúcháir inár gcroíthe; cuma na bochtaineachta orainn a bhronnas saibhreas ar mhórán; gan bonn rua againn agus an saol mór inár seilbh.
11
Is libh, a Choraintigh, a scaoileamar ár mbéal, agus dʼosclaíomar amach siar ár gcroí.
12
Níl sinne ag cur coisc oraibh, is iad bhur gcroíthe féin atá ag cur coisc oraibh.
13
Ach ná fágaigí an chomaoin sin gan chúiteamh—táim ag labhairt mar a labhróinn le páistí—osclaígí bhur gcroíthe amach liom freisin.
14
Ná gabhaigí faoi chuing mhíchothrom caidrimh le lucht gan chreideamh. Cad é mar a rachadh an choir agus an éagóir i gcomhar le chéile? Nó cad é an cumann a bheadh ann idir an solas agus an dorchadas?
15
Cad é mar a thioc-faidh Críost agus Bélial le chéile? Conas ab ionann tréithe an chreidmhigh agus an díchreidmhigh?
16
Nó an bhfuil na híola ag cur le teampall Dé? Is é atá ionainne, teampall Dé bhí; mar atá ráite ag Dia, “Beidh mé ag maireachtáil iontu agus ag gluaiseacht amach ina measc, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam.
17
Dá bhrí sin tagaigí amach as a measc, agus scaraigí sibh féin amach uathu, deir an Tiarna, agus ná bíodh baint agaibh le haon ní neamhghlan; fearfaidh mé fáilte romhaibh ansin,
18
agus tabharfaidh mé aire an athar daoibh, agus beidh sibh mar chlann mhac agus iníonacha agam, is é a deir Tiarna na gcumhachtaí libh.”
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13