bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 13
2 Corinthians 13
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Seo an tríú huair dom ag teacht chugaibh. Caithfidh gach cúis a bheith bunaithe ar fhianaise ó bhéal beirte nó triúir.
2
Thug mé rabhadh ní hamháin don dream a rinne an peaca roimhe ach don iomlán agaibh, agus tugaim rabhadh dóibh agus mé as láthair anois, mar a thug mé an rabhadh eile lena mbéal ar mo dhara cuairt, á rá nach mbeidh trua ná trócaire agam dóibh—
3
ó bíonn sibh ag iarraidh cruthúnas a fháil uaim go mbíonn Críost ag labhairt as mo bhéal. Ní lagbhríoch é ach cumhachtach ionaibh a mbíonn á dhéanamh aige in bhur measc.
4
Céasadh é ina laige, ach maireann sé beo le cumhacht Dé. Dá laige sinne ann, nuair a bhímid ag plé libhse, beimid beo ann le cumhachtaí Dé.
5
Cuirigí scrúdú coinsiasa oraibh féin, go bhfeiefidh sibh an bhfuil sibh ag seasamh le bhur gcreideamh. Cuirigí féachaint oraibh féin. Nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost i láthair ionaibh?—murar chlis anfhéachaint oraibh!
6
Tá dóchas agam go n-aithneoidh sibh nár chlis sé orainne.
7
Ach táimid ag guí Dé gan ligean daoibh aon ole a dhéanamh—agus ní le fonn sinne a bheith sa cheart, ach le fonn go mbeidh sibhse ag déanamh mar is cóir, bíodh go mbeidh cuma orainne gur theip orainn.
8
Mar ní féidir linn aon ghníomh a dhéanamh in aghaidh na fírinne, ach ar a son.
9
Is ábhar lúcháire ár laige ach sibhse a bheith láidir. Bímid ag guí go mbeidh dea-eagar oraibh.
10
Táim á scríobh seo agus mé as láthair, ionas nach mbeidh feidhm orm, nuair a thioefas mé, bheith ró-ghéar oraibh leis an gcumhacht seo a bhronn an Tiarna orm chun an tslánaithe agus ní chun an scriosta.
11
Fágaim slán agus beannacht agaibh ar deireadh, a bhráithre. Cuirigí dea-eagar ar bhur mbeatha, agus glacaigí le mo chomhairle, bigí ar aon intinn agus i síocháin le chéile, agus beidh Dia na síochána agus an ghrá ag cuidiú libh.
12
Tugaigí fáilte roimh a chéile le póg naofa.
13
Cuireann na naoimh uile a mbeannacht chugaibh.
14
Grásta an Tiarna Íosa Chríost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh go raibh agaibh uile go léir.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13