bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 11
2 Corinthians 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
1
Ba mhaith liom go n-éistfeadh sibh le beagán amaidí uaim. Ná tógaigí orm é!
2
Tá cúis éada chugam ó Dhia, ós mé a thug oraibh lámh is focal a bheith idir sibhse agus Críost le sibh a thoirbhirt dó mar ógh ghlan a rachadh faoi chuing phósta le chéile fir.
3
Ach is ró-mhór mʼeagla go n-éireoidh daoibh, dála Éabha, ar mheall an nathair nimhe lena gliceas í, agus go mbeidh bhur smaointe á gcur ar seachrán in áit a mbeith go glan díreach ar Chríost.
4
Á chur i gcás go dtagann duine chugaibh agus é ag seanmóireacht Íosa eile nach ionann is an té a bhíodh á sheanmóireacht againn, nó go ngabhann sibh le hathrach spride nach ionann í is an Spiorad sin ar ghlac sibh leis, nó cuirigí i gcás go nglacann sibh le soiscéal eile atá bun os cionn leis an soiscéal atá agaibh cheana, ní bhíonn aon mhoill oraibh ag géilleadh dó.
5
Ach dar liom nach bhfuil mé féin aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha seo.
6
Má tá nach bhfuil mé cliste le craiceann a chur ar mo scéal, níl mé gan eolas i mo cheann; mar thugamar chun cruinnis daoibh ar dhóigh nó ar dhóigh eile.
7
Ar pheaca orm é mʼísliú féin le bhur n-ardú, agus soiscéal Dé á sheanmóireacht agam daoibh saor in asice?
8
Rinne mé creach ar eaglaisi eile ag glacadh tuarastail uatha le freastal oraibhse.
9
Agus nuair a bhí ganntanas orm agus mé agaibh, ní raibh mé i mʼualach ar aon duine agaibh, ó ba iad na bráithre ón Macadóin a riar ar mo chás. Mar sin ní raibh mé i mʼualach oraibh riamh, agus ní bheidh.
10
Chomh cinnte agus atá fírinne Chríost ionam, ní chuirfear tost ar an maíomh sin agam i limistéar Acáia.
11
Cad chuige? As siocair gan grá a bheith agam daoibh? Ach tá a fhios ag Dia go bhfuil grá agam daoibh i mo chroí!
12
Ach leanfaidh mé orm ar an nós seo, leis an talamh a bhaint faoi chosa an dreama sin a bhíos ag iarraidh iad féin a chur ar aon chéim linne, ós iad a chuaigh i gcomórtas.
13
Níl ina macasamhla ach aspail bhréige, agus oibritheoirí gan iontaoibh, a mbíonn ríocht aspal Chríost orthu.
14
Níl aon iontas ann, ó bíonn bréagriocht aingil ghil á chur air féin ag Sátan.
15
Ní mór mar sin dá sheirbhísighsean cuma sheirbhíseach na fíréantachta a chur orthu féin, a mbeidh an drochchríoch orthu a thuill siad lena ndrochghníomhartha.
16
Táim á iarraidh oraibh arís, gan meas amadáin a bheith agaibh orm; agus má tá féin, pardún an amadáin a thabhairt dom, as mórtas a dhéanamh chomh maith le duine.
17
(Níl an Tiarna mar údar lena bhfuil le rá agam, ach labhraím mar amadán a chuaigh i muinín an mhórtais ar a mbíonn á dhéanamh aige ar an saol seo,
18
bím ag déanamh mórtais freisin).
19
Ligeann sibh an scód go soilbhir leis an amadán, ó tá sibh féin in bhur gciall!
20
Ligeann sibh do dhuine daoir a dhéanamh díbh, nó creach a dhéanamh oraibh, nó leas a bhaint asaibh, nó gabháil de chosa oraibh, nó bos a bhualadh thar an mbéal oraibh.
21
Siúd is gur náireach le rá é, admhaím go rabhamar ró-lag le sin a dhéanamh! Ach má tá aon ábhar maíte ag aon duine—ós ag labhairt mar amadán atá mé—deirim go bhfuil an t-ábhar sin agam.
22
An Eabhraigh iad? Is Comh-Eabhrach leo mé. An Iosraelítigh iad? Is amhlaidh mise freisin. An de shliocht Abrachaim iad? Is de mé féin leo.
23
An bhfuil siad ina seirbhísigh ag Críost? Is fearr i bhfad an tseirbhís atá déanta dó agamsa—caint mhire é—ar mhéid is a rinne mé de shaothar, agus a dʼfhulaing mé de théarmaí príosún-tachta, agus de sciúrsála, go raibh mé go minic i mbaol báis.
24
Fuair mé faoi chúig an daichead lasc ach aon lasc amháin ó na Giúdaigh.
25
Buaileadh faoi thrí le slata mé; gabhadh de chlocha orm uair amháin. Tharla longbhriseadh dom trí huaire; chaith mé oíche agus lá sa sáile;
26
ba mhinic mé ar aistear, i mbaol ó aibhneacha, i mbaol bithiúnach, i mbaol lucht mo chomhchine, i mbaol ó na Gintlithe, i mbaol i gcathracha, i mbaol ar an bhfásach, i mbaol ar an bhfarraige, i mbaol ag bráithre bréige;
27
faoi thromshaothar agus faoi dhua, go minic gan néal san oíche, faoi ocras agus faoi thart, gan greim agam le n-ithe go minic, faoi shioc agus faoi shíon.
28
Agus, leis an gcuid eile a fhágáil as an áireamh, bíonn an imní a bhíos orm faoi na heaglaisí uile ag titim ina ualach orm gach uile lá.
29
Cé tá i laige nach bhfuil mé i laige leis? Cé a mbaintear barrthuisle as nach gcuireann corraí orm?
30
Má tá orm maíomh, beidh mé ag maíomh as comharthaí mo laige.
31
Tá a fhios ag Dia, Athair mo Thiarna Íosa, moladh go deo leis, nach bhfuil mé bréagach.
32
Bhí uach-tarán an Rí Aretus ag cur a chuid coimeádaithe ar gheataí na Damaisce le breith orm,
33
murabh é gur ligeadh anuas mé i gciseán cléibhe as fuinneog i mbéal an bhalla, gur tháinig mé slán as a chrúba.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13