bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 9
2 Corinthians 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
1
Bheadh sé iomarcach agam anois bheith ag scríobh chugaibh i dtaobh na hofrála le haghaidh na naomh,
2
mar is feasach dom bhur dtoilteanas, a mbím ag maíomh as le muintir na Macadóine, ag rá leo go bhfuil Acáia réidh ullamh ó anuraidh; agus dhúisigh sampla bhur ndúthrachta an mhórchuid acu.
3
Ní lúide táim ag cur na mbráithre chugaibh ionas go gcruthófar sa chás seo nárbh fholamh é ár maíomh, agus ionas go mbeidh sibh réidh, mar a dúirt mé a bheadh sibh;
4
ar eagla go dtiocfadh cuid de na Macadóinigh oraibh liom, agus nach mbeadh sibh réidh ina gcoinne, agus go mbeadh náire agus ceann faoi ormsa— gan sibhse a chur san áireamh—as méid ár muiníne.
5
Mheas mé mar sin gur ceart iarraidh ar na bráithre bheith ar a dtriall chugaibh romham, agus socrú roimh ré i dtaobh an bhronntanais atá geallta agaibh, ionas nach mbeidh sé á fháscadh asaibh le héigean, ach á bhronnadh go fonnmhar agaibh.
6
Seo é! an té a chuireas go gann, is gann a bhainfidh sé, ach an té a chuireas a shíol go fairsing bainfidh sé fómhar fial fairsing.
7
Caithfidh gach duine déanamh mar atá socraithe aige ina intinn, gan bheith á tharraingt in aghaidh a chos dá mhíle ainneoin, ó nach bhfuil ní ann is fearr le Dia ná féile agus flaithiúlacht.
8
Féadann Dia fós gach sochar a sholáthar daoibh go fairsing, i dtreo is go mbeidh sibh go súgach sách, agus go mbeidh fuílleach is fairsinge le haghaidh dea-oibreacha.
9
Mar atá scríofa, “Bíonn sé ag scaipeadh a mhaoine, á bronnadh ar bhoicht Dé; maireann a fhíréantacht go brách.”
10
An té a sholáthraíos an síol don síoladóir agus an t-arán do lucht a chaite, méadóidh sé an síol a chuirfeas sibh agus cuirfidh sé fás i bhfómhar bhur bhfíréantachta.
11
Beidh saibhreas agaibh de bharr bhur bhféile, agus buíochas á thabhairt do Dhia air trínne;
12
mar is obair í sin a riaras ar riachtanais na naomh agus a bhíos ina cúis freisin le mórán buíochais a bheith á thabhairt do Dhia.
13
Obair í a chuirfeas féachaint oraibh, ina dtabharfaidh sibh glóir do Dhia ag umhlú agus ag aontú do shoiscéal Chríost, agus ag roinnt chomh fial flaithiúil sin leo siúd agus le daoine nach iad;
14
agus téifidh a gcroíthesean libh agus beidh siad ag guí ar bhur son, ar dhoirt Dia a ghnaoi oraibh.
15
Míle altú do Dhia ar a thíolacadh nach bhfuil insint bhéil air!
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13