bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 2
2 Corinthians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
1
Mar is é rud, bhí sé socair agam gan an dara cuairt ghoilliúnach a thabhairt oraibh.
2
Má chuirim brón oraibh, cé atá agam le háthas a chur orm ach sibhse ar chuir mé brón oraibh?
3
Agus scríobh mé mar a scríobh, ionas nach gcuirfidís brón orm, an dream sin ar chóir dóibh áthas a chur orm, nuair a thiocfainn, ó bhí muinín agam asaibh uile go léir.
4
Mar scríobh mé chugaibh as angar mór agus as buairt chroí agus as frasa deor, agus gan é ar mʼintinn brón a chur oraibh, ach méid mo ghrá daoibh a nochtadh daoibh.
5
Ach má chuir aon duine brón ar dhuine ar bith, ní ormsa amháin a chuir sé é, ach oraibh uile (ar mhodh éigin deirim, leisce bheith ródhian air).
6
Is leor don duine sin an pionós a chuir an mhórchuid air;
7
agus is ceart daoibh mar sin iompú chuige le maithiúnas agus sólás a thabhairt dó, ar eagla a bháite le barraíocht bróin.
8
Táim ag iarraidh oraibh mar sin bhur ngrá a athdhearbhú dó.
9
Mar sin an chúis ar scríobh mé chugaibh, le féachaint a chur oraibh agus le fios a fháil go bhfuil sibh umhal i ngach uile phointe.
10
Má mhaith sibh dʼaon duine, maithim féin dó freisin. An méid a mhaith mé (má tá rud ar bith maite agam) is mar mhaithe libhse a mhaith mé é i láthair Chríost,
11
ar eagla go mbeadh aon bhuntáiste ag Sátan orainn; mar nílimid in aineolas ar cad é atá faoi.
12
Nuair a tháinig mé go Tróas le soiscéal Chríost, bhí doras romham ag an Tiarna;
13
ach ní raibh aon suaimhneas intinne agam ó nach raibh mo bhráthair Titus ansin romham. Dʼfhág mé slán acu sin, agus chuaigh mé ar aghaidh liom go dtí an Mhacadóin.
14
Ach altú do Dhia, a thugas an bua dúinn i gcónaí i gcúrsaí Chríost, agus a Honas gach áit le cumhracht a eolais trínne.
15
Mar bíonn cumhracht Chríost ag Dia uainn i measc ceachtar acu, an dream a chailltear agus an dream a shlánaítear,
16
boladh báis agus buanéaga ó dhream amháin, agus boladh beo na beatha ón dream eile. Ach cé a bhfuil acmhainn na nithe sin aige?
17
Mar nílimidne, dála a lán daoine, inár mangairí le briathar Dé; ach inár dteachtairí ó Dhia dáiríre a labhraíos i láthair Dé agus a bhfuil ár gcroí i gCríost.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13