bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 5
2 Corinthians 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
1
Tá fhios againn mar sin, má scriostar an puball collaí sin a bhíos mar áras againn, go bhfuil teach ó Dhia againn, nár tógadh le lámha, teach a bheas go buan ar neamh.
2
Ní fhágann sin nach mbímid ag osnaíl anseo, agus nach mbímid ag dúil lenár n-áras neamhaí a chur orainn,
3
ionas go mbeidh cumhdach orainn, agus nach bhfágfar nocht sinn.
4
Agus chomh fada agus a bhímid sa phuball seo, bímid ag osnaíl le himní; ní le mian baint dínn ach cur orainn, chun go slogfaidh an bheatha a bhfuil básmhar.
5
Is é Dia féin a réamhullmhaigh sinn lena aghaidh sin, agus a bhronn an Spiorad orainn mar urra air.
6
Bíonn uchtach mór againn i gcónaí dá bharr sin; ós feasach dúinn go bhfuilimid as láthair an Tiarna fad is táimid i láthair sa chorp,
7
ós de réir an chreidimh agus nach de réir amharc na súl a shiúlaimid.
8
Ach glacaimid ina mhórmhisneach é, agus bʼfhearr linn bheith as láthair sa chorp agus i láthair an Tiarna.
9
Ach is cuma cé acu ina láthair nó as a láthair, bímid ar ár ndícheall le bheith mar a thaitneos leis.
10
Mar caithfidh gach uile dhuine againn seasamh os comhair chathaoir bhreithiúnas Chríost, lenár leas nó lenár n-aimhleas de réir gníomhartha gach duine nuair a bhí corp air.
11
Bíonn eagla Dé orainn mar sin, a bhíos ag iarraidh daoine a chur ar bhealach a leasa, ach is léir do Dhia cad é an cineál daoine sinn, agus tá dóchas agam gur léir daoibhse é in bhur gcoinsias féin.
12
Ní hé sin go bhfuilimid dár moladh féin arís, ach ag tabhairt faille daoibh le bheith bródúil asainn, ar chaoi go mbeidh freagra agaibh don dream sin ar mhó a mbród as céim mhór ná as croí maith.
13
Ach má táimid tógtha san intinn, is ar son Dé é; agus má táimid inár gciall, is ar bhur sonsa é.
14
Mar bíonn grá Chríost dár dtiomáint, mar déanaimid deimhin de go bhfuair aon duine amháin bás ar son an iomláin; agus go bhfuair an t-iomlán bás ar an nós sin.
15
Agus cad chuige a fuair sé bás ar son an iomláin, ach go mairfeadh a maireann, ní mar mhaithe leo féin ach mar is fearr a thaitneodh leis an té a fuair bás agus a tógadh arís ar a son.
16
As seo suas, mar sin, ní bhíonn tomhas daonna againn ar dhuine ar bith; má bhí tomhas daonna againn ar Chríost féin san am a chuaigh thart, ní bhímid á thomhas mar sin níos mó.
17
Mar sin, an duine atá comhcheangailte le Críost, is cruthú úrnua é; tá deireadh le gach sean, agus seo tús le gach nua.
18
Is ó Dhia atá sin uile, a dʼaontaigh sinne leis féin trí Chríost agus a cheap sinn leis an t-athaontú sin a chur i bhfeidhm;
19
is é sin le rá go raibh Dia ag athaontú daoine an domhain leis féin i gCríost, agus gur íhan sé gan a míghníomhartha a agairt orthu, agus gur thaobhaigh sé teachtaireacht an athaontaithe sin linne.
20
Ambasadóirí thar cheann Chríost atá ionainn mar sin, a bhfuil Dia ag cur impí ar dhaoine trínne. Táimid ag iarraidh dʼimpí oraibh thar cheann Chríost athchairdeas a dhéanamh le Dia.
21
Rinne sé peaca den té sin nach raibh peaca air ar ár son, ionas go ndéantaí fíréantacht Dé dínn dár snaidhmeadh leis.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13