bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 3
2 Corinthians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
1
An bhfuilimid ag tosú ar ár moladh féin athuair? Nó an é go bhfuil gnó againn, mar atá ag daoine nach n-ainmníonn, de litreacha molta chugaibh nó uaibh?
2
Is sibh féin ár litir mholta, a bhfuil scríbhneoireacht ar bhur gcroíthe atá intuigthe agus inléite ag gach uile dhuine;
3
ós léir gur litir sibh ó Chríost atá á hiompar againne, nár scríobh le dúch ach le Spiorad an Dé bhí, agus nár scríobh ar chruachláir chloiche, ach ar mhaothchláir chroí.
4
Sin an mhuinín a bhíos as Dia againn trí Chríost.
5
Ní ionann sin agus a rá go mbíonn éifeacht ionainn uainn féin le maíomh aisti; is ó Dhia a bhíos an éifeacht ionainn,
6
a rinne ministrí éifeachtacha dínn le cúnant úrnua a fhriotháil, nach dtugtar trí fhuarlitreacha an dlí, ach trí bheochumhacht an Spioraid, mar tugann fuarlitir an dlí an bás, ach bronnann an Spiorad an bheatha.
7
Bhí a cuid féin den ghile ag dáilfhreastalacht úd an bháis a bhí á snoí i bhfuarlitreacha ar chloch. Níor fhéad na hlosraelítigh amharc ar ghnúis Mhaois de bharr a gile, siúd is gur ghile neamhbhuan í.
8
Agus nach mbeidh gile níos mó ná sin ann nuair a bheifear ag dáileadh an Spioraid?
9
Má bhí gile ag dáileadh na daorbhreithe, caithfidh gile i bhfad níos mó bheith i ndáileadh na fíréantachta.
10
Ar ndóigh, ni bheidh gile ina gile i gcomórtas leis an ngile atá as méid gach gile.
11
Mar má bhí an ní neamhbhuan geal, beidh gile na gile sa ní a bhíos buan go brách.
12
Bímid go dána neamheaglach, agus an dóchas seo againn,
13
agus ní bhímid mar Mhaois, a chuireadh caille thar a ghnúis ionas nach bhfeicfeadh. na hIosraelítigh deir-eadh na gile neamhbhuaine.
14
Ach is amhlaidh bhíodh a gcroíthesean á gcruachan; mar go dtí an lá inniu, nuair a bhíonn an seanchúnant á léamh acu, fanann an chaille sin thíos gan a tógáil dá n-intinn, ós rud é nach féidir a tógáil ach i gCríost amháin.
15
Agus tá sin amhlaidh go dtí anois agus Maois á léamh, bíonn caille thíos ar smaointe a gcroíthe;
16
ach nuair a iompaíonn duine chuig an Tiarna tógtar an chaille sin de.
17
Anois is é an Tiarna an Spiorad, agus cibé áit a mbíonn Spiorad an Tiarna, bíonn an tsaoirse ann.
18
Agus bímidne uile gan caille ar ár ngnúis agus sinn ag amharc ar ghlóir an Tiarna, ag dul ónár gcruth féin chun a chosúlachta, ón nglóir is lú go dtí an ghlóir is airde; agus tagann sin uile ón Tiarna atá ina Spiorad ann.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13