bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 7
2 Corinthians 7
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
1
Agus ós rud é go bhfuil na gealltanais seo tugtha dúinn, a lucht na páirte, bímis dár nglanadh féin ón uile shalachar coirp agus anama, agus dár naomhú féin go hiomlán gan easpa in uamhan Dé.
2
Déanaigí fairsingeacht in bhur gcroíthe dúinn; níl sé le rá ag aon duine agaibh go ndearnamar a éagóir ná a aimhleas, nó gur mheallamar é.
3
Ní hé sin le rá go bhfuil aon locht le fáil agam oraibh, ó mar a dúirt mé roimhe seo, tá sibh i mo chroí le bheith le chéile i mbeatha agus i mbás.
4
Bíonn muinín mhór agam asaibh; agus bród mór orm asaibh; agus mo chroí lán de shólás. Dá mhéid ár leatrom, bím lán de lúcháir.
5
Go fiú nuair a bhí an Mhacadóin sroichte againn, ní raibh aon suaimhneas coirp le fáil againn, ach crá agus corraí—an troid á cur amuigh agus an eagla ag creimneach istigh.
6
Ach ó tógann Dia an cumha, thóg sé dínn é le teacht Thítuis,
7
agus ní hamháin lena theacht ach leis an sólás a bhí aige uaibh, ag tosú agus á insint faoin gcumha a bhí oraibh i mo dhiaidh, faoin mbrón a bhí oraibh, faoin mbá a bhí agaibh liom, ar nós a chuir go mór le mo lúcháir.
8
Á chur i gcás féin gur chuir mo litir brón oraibh, níl aon aiféala orm anois (cé go raibh aiféala orm) mar feicim anois nár chuir an litir úd brón oraibh ach seal tamaill.
9
Agus mar atá anois, ní brón ach lúcháir atá orm, ní as an mbrón a bhí oraibh, ach as an aithrí a bhí mar thoradh ar an mbrón sin; mar ba dhiaganta dhea-chráifeach an brón é, nárbh aon dochar daoibh é sinne á chur oraibh.
10
Ní fhágann an dea-bhrón diaganta aon chúis aiféala ina dhiaidh, ó tagann an aithrí as, a chuireas duine ar shlí a shlánaithe, ach is ábhar báis agus buanéaga an brón suarach saolta.
11
Nach léir daoibh an dúthracht a bhí ionaibh de bharr an dea-bhróin dhiaganta sin, an dúil a bhí oraibh le bhur nglanadh féin ó choir, an díomá, an dianeagla, an cumha, an díograis, agus an pionós a chuir sibh oraibh féin? Tá sé cruthaithe agaibh nach bhfuil sibh san éagóir in aon phointe den chúis sin.
12
Má scríobh mé chugaibh, ní dhearna mé é de gheall ar an té a rinne an éagóir, ná de gheall ar an té a dʼfhulaing í, ach i dtreo is go bhfoilseofaí i súile Dé chomh dílis dúthrachtach agus atá sibh dom.
13
Bíonn sin mar shólás dár gcroí mar sin. Agus mar bharr ar an sólás a bhí orainn féin bhí lúcháir ba mhó ná sin orainn nuair a chonaiceamar an lúcháir a bhí ar Thítus, ó bhí sibh uile le chéile tar éis an imní a thógáil dá intinn.
14
Má bhí mórtas ar bith déanta agam leis asaibh, níorbh aon ábhar náire dom é; ach mar a fíoraíodh gach uile fhocal a chanamar libh, is amhlaidh a fíoraíodh ár maíomh os comhair Thítuis.
15
Agus is móide a théas a chroí libh, nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh dó, agus an fháilte chritheaglach a chuir sibh roimhe.
16
Bíonn lúcháir orm, mar tá lán-mhuinín agam asaibh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13