bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 10
2 Corinthians 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
1
Mise, Pól, á iarraidh dʼimpí oraibh as ucht mhín-chneastacht Chríost—mise a bhíos chomh humhal uiríseal sin le bhur mbéal, agus ag déanamh dánachta oraibh nuair nach bhfuil mé in bhur láthair!—
2
mar achainí oraibh, nuair a bheidh mé agaibh, ná bíodh orm bheith dána neamheaglach libh, mar atá rún agam bheith dána neamheaglach leis an dream úd atá ag caitheamh amhrais orainn á rá gur saolta iad ár ngníomhartha.
3
Ach siúd is go bhfuil orainn maireachtáil ar an saol seo, ni bhíonn aon chogadh saolta á chur againn ann,
4
ó nach mbímid ag cur cogaidh le hairm is den saol seo, ach le hairm ar chuir Dia cumhacht neamhshaolta iontu leis na dúnta is láidre a leagan go lár.
5
Bíonn na hargóintí á mbréagnú againn, agus an t-uabhar á ísliú againn a fhásas aníos go hard ag cur coisc le heolas Dé, agus braighdeanach umhal do Chríost á dhéanamh de gach smaoineamh againn,
6
agus é faoi réir againn gach easumhlacht a smachtú nuair a bheas sibh ag géilleadh go hiomlán.
7
Breathnaígí ar a bhfuil faoi bhuille bhur dhá súil. Má tá sé le maíomh ag aon duine gur le Críost é, cuimhníodh sé gur le Críost sinne chomh maith le duine.
8
Á chur i gcás féin go mbímse ag déanamh an iomarca mórtais as an údarás seo againne, a bhronn an Tiarna orm chun bhur leasa agus ní chun bhur n-aimhleasa, ní náire ar bith dom é.
9
Siúd is nár mhaith liom é a shamhlú dom go mbím do bhur scanrú le litreacha.
10
Táthar á rá, “Dá thábhacht agus dá throime iad a litreacha, is lag cloíte an phearsa fir é, agus ní fiú éisteacht lena chaint.”
11
Ach bíodh sé le tuiscint ag an dream úd nach mbíonn aon rud á rá againn i litreacha as láthair nach mbíonn á chur i ngníomh againn agus sinn i láthair.
12
Ní deir sin go bhfuil sé de dhánacht againn sinn féin a shamhlú nó a chur i gcomórtas le cuid den dream úd nach bhfágann fuíoll molta orthu féin. Ach nuair nach mbíonn daoine ach dá dtomhas féin in éadan a chéile agus ag dul i gcomórtas le chéile, ní bhíonn tuiscint ar bith acu.
13
Ach níl ár maíomh féin as miosúr, ach de réir an mhiosúir a thomhais Dia dúinn, agus é á shíneadh anonn tharaibhse.
14
Ní hé go mbíonn aon leithead iomarcach fúinn féin, gan é ionainn bhur sroicheadh; ó bhíomarna ar na chéad daoine a tháinig iomlán an bhealaigh chugaibh le soiscéal Chríost.
15
Ach ní bhímid ag maíomh as miosúr as saothar na bhfear eile; tá dóchas againn, nuair a mhéadófar ar bhur gcreideamh, go gcuirfear go mór lenár réim,
16
le bheith ag craobhscaoileadh an tsoiscéil sna tíortha taobh thiar díbh, agus gan bheith ag déanamh mórtais as obair atá déanta cheana i ngort na comharsan.
17
“An té a chaith-feas bheith ag maíomh, bíodh sé ag maíomh as an Tiarna.”
18
Ní ghabhtar leis an té sin a bhíos á mholadh féin, ach Ieis an té atá molta ag an Tiarna.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13