bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
2 Corinthians 4
2 Corinthians 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Mar sin, ós de bharr trócaire Dé a bhíos an dáil-fhreastal seo againn, ní chaillimid ár misneach.
2
Tá diúltaithe againn do chneamhaireacht faoi cheilt; ní bhímid inár gcleasaithe ag cur bhriathar Dé as a riocht, ach ag léimochtadh na fírinne ar nós a shásaíos coinsias gach duine i láthair Dé.
3
Agus más ní é go gceiltear ár soiscéal, ní cheiltear é ach ar lucht na láimhe clé.
4
Lucht an dí-chreidimh iad, ar dhall dia beag an tsaoil seo a n-intinn, ar chaoi nach bhfaigheann siad aon amharc ar sholas shois-céalghlóir Chríost, íomhá Dé.
5
Ní sinn féin ábhar ár seanmóra, ach Íosa Críost ina Thiarna oraibh, agus sinne inár seirbhísigh agaibh de gheall ar Íosa.
6
Mar is é an Dia a dúirt, “Soilsíodh an solas ar an dorchadas,” a las a sholas inár gcroíthe, solas eolais ar ghlóir Dé i ngnúis Íosa Críost.
7
Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde.
8
Bítear ár mbuairéamh ar gach dóigh gan ár mbascadh; bíonn dalladh ar ár n-aigne gan chailleadh dóchais;
9
cuirtear an tóir orainn ach ní dhéantar ár dtréigean; treascartha ach ní scriostar sinn;
10
bíonn bás Íosa á iompar linn inár gcoirp, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa inár gcoirp freisin.
11
Mar chomh fada agus atáimid beo, bítear ár dtabhairt chun báis de gheall ar Íosa, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa freisin inár gcolainn sho-mharaithe.
12
Bíonn mar sin an bás ar obair ionainne, ach is í an bheatha a bhíos ar obair ionaibhse.
13
Bíonn an sprid chéanna chreidimh againne agus bhí ag an té a scríobh, “Chreid mé, agus as sin labhair mé,” is mar sin dúinne, creidimid agus tugann ár gcreideamh orainn labhairt,
14
ós feasach dúinn go dtógfaidh an té, a thóg an Tiarna Íosa, sinne freisin in éineacht le hÍosa agus go dtabharfaidh sé sinne ina láthair in éineacht libhse.
15
Tharla sin uile chun bhur leasa, ionas go mbeidh tuilleadh grásta ag tuilleadh daoine, agus tuilleadh buíochais ann dá bharr, le glóir Dé a mhéadú.
16
Ní aon ábhar beagmhisnigh dúinn é sin. Siúd is go bhfuil an duine atá ar an taobh amuigh á chaitheamh, bíonn an duine atá ar an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.
17
Bíonn an t-angar éadrom sealadach seo ann lenár n-ullmhú i gcomhair tromthomhas glóire a chuaigh as méid gan chomórtas,
18
ó nach n-amharcaimid ar na nithe so-fheicthe ach ar na nithe dofheicthe; ó nach maireann na nithe so-fheicthe ach seal, ach gur síoraí buan iad na nithe dofheicthe.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13