bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 11
Exodus 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 12 →
1
Dúirt an Tiarna le Maois: «Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh.
2
Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n-iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.»
3
Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.
4
Dúirt Maois: «Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche.
5
Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.
6
Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.
7
Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael.
8
Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: 'Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!' Ansin imeoidh mé amach.» Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.
9
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.»
10
Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40