bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 30
Exodus 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 31 →
1
«Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d' adhmad sitím a dhéanfaidh tú í.
2
Beidh sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead comhfhad, comhleithead, is é sin agus dhá bhanláimh ar airde; beidh a beanna d' aon phíosa léi.
3
Déanfaidh tú í a chumhdach d' ór fíre a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
4
Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n-iomprófar í.
5
Déanfaidh tú na cuaillí d' adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór.
6
Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat.
7
Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh.
8
Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách.
9
Ní ofrálfaidh tú túis gan naofacht uirthi, ná íobairt loiscthe, ná abhlann; ní dhoirtfidh tú deoch ofrála uirthi.
10
Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.»
11
Dúirt an Tiarna le Maois:
12
«Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.
13
Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna.
14
Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna.
15
Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin.
16
Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n-anamacha.»
17
Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt:
18
«Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,
19
lena bhféadfadh Árón agus a chlann mhac a lámha is a gcosa a ionladh.
20
Nuair a bheidh siad ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, nó ag dul i gcóngar na haltóra chun fónaimh le hofráil a loscadh le tine don Tiarna, déanfaidh siad iad féin a ionladh le huisce, le heagla an bháis.
21
Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.»
22
Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:
23
«Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin dhá chéad go leith, is é sin de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh,
24
agus cúig chéad seicil de réir tomhais sheicil an tsanctóra de chaisia, agus hín d' ola ológ.
25
Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann.
26
Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis,
27
agus, mar an gcéanna, an bord agus a ghréithe go léir, an coinnleoir agus a ngabhann leis, altóir na túise,
28
agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t-umar gona bhonn.
29
Déanfaidh tú iad a choisreacan d' fhonn go mbeidís sárnaofa; aon ní a bhaineann leo, beidh sé naofa.
30
Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt.
31
Déarfaidh tú le clann Iosrael: 'Beidh sé seo agaibh mar chriosma naofa liom ó ghlúin go glúin.
32
Ní dhéanfar é a dhoirteadh ar cholainn tuataí ná ní dhéanfaidh sibh aon ola eile den aonchumasc leis; tá sé naofa agus beidh sé naofa agaibhse.
33
Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.'»
34
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tóg spíosraí milse: stórax agus oiniceá agus galbanum agus spíosraí cumhra agus túis ghlan an oiread céanna de gach ceann
35
agus suaigh túis íon naofa á cumasc mar a dhéanfadh poitigéir, agus ag cur salainn inti.
36
Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh.
37
Ní dhéanfaidh sibh daoibh féin aon túis den chumasc céanna léi siúd atá le déanamh agat; bíodh sí naofa don Tiarna agat.
38
Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.»
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40