bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 33
Exodus 33
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 34 →
1
Dúirt an Tiarna le Maois: «Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób leis na focail: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.'
2
Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh.
3
Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh óir is ceanndána an pobal sibh le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.»
4
Ar chlos na cainte boirbe sin, rinne an pobal caoineadh, agus ní chaithfeadh aon duine a chuid ornáidí.
5
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le clann Iosrael: 'Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d' ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!'»
6
Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n-ornáidí.
7
Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.
8
Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d' éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth.
9
Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois.
10
Nuair a d' fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d' éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin.
11
Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d' fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.
12
Dúirt Maois leis an Tiarna: «Féach, deir tú liom: 'Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,' ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: 'Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.'
13
Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d' fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.»
14
D' fhreagair sé: «Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.»
15
Agus dúirt [Maois] leis: «Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn.
16
Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.»
17
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.»
18
Dúirt Maois: «Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.»
19
Agus d' fhreagair sé: «Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m' ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
20
Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,» ar sé «óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.»
21
Agus lean air: «Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig,
22
agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid.
23
Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.»
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40