bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 38
Exodus 38
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 39 →
1
Rinne sé altóir an uileloiscthe d' adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.
2
Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d' aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha.
3
Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra.
4
Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas.
5
Rinne sé ceithre fáinní ar cheithre cúinní na cléithe cré-umha chun na cuaillí a iompar.
6
Rinne sé cuaillí d' adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha.
7
Chuir sé na cuaillí trí na fáinní ar thaobhanna na haltóra chun í a iompar lena gcabhair; rinne sé an altóir de chláir agus í folamh laistigh.
8
Rinne sé an t-umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.
9
Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas.
10
Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d' airgead a naisc agus a mbataí.
11
Mar an gcéanna ar an taobh thuaidh bhí brait céad banlámh ar fad; a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach bhí na naisc agus na bataí d' airgead.
12
Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d' airgead.
13
Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh.
14
Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa.
15
Mar an gcéanna ar an taobh eile ón dá thaobh de gheata na faiche bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa.
16
Bhí na brait go léir timpeall na cúirte de línéadach mín cas.
17
Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d' airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d' airgead bataí uile pollaí na faiche.
18
Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d' obair shnáthaide d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.
19
Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d' airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d' airgead.
20
Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.
21
Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal Taibearnacal na Fianaise cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.
22
Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois.
23
Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.
24
Sé an méid óir a úsáideadh san obair obair iomlán an tsanctóra (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra).
25
Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra;
26
fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.
27
Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap.
28
Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí.
29
Ofráladh seachtó tallann agus dhá mhíle ceithre chéad seicil de chré-umha.
30
Leis sin rinne sé na ceapa do dhoras Bhoth na Teagmhála, an altóir chré-umha lena cliath chré-umha agus gréithe uile na haltóra,
31
na ceapa mórthimpeall na faiche agus na ceapa do gheata na faiche, pionnaí uile an taibearnacail, agus na pionnaí go léir timpeall ar an bhfaiche.
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40