bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 22
Exodus 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 23 →
1
Má ghoideann fear damh nó caora, agus é a mharú agus a dhíol, íocadh sé cúig dhamh ar dhamh agus ceithre chaora ar chaora. 21:37
2
1 Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó;
3
2 más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d' fhonn íoc as ar ghoid sé.
4
3 Má fhaightear an t-ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.
5
Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir. 4
6
5 Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t-arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán.
7
6 Má thugann duine airgead nó maoin do dhaoine eile le taisceadh, agus go ngoidtear as a theach é, díoladh an gadaí as faoi dhó.
8
7 Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.
9
8 I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ' seo é', tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
10
9 Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné,
11
10 socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t-úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh.
12
11 Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir.
13
12 Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.
14
13 Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t-úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh.
15
14 Má bhíonn an t-úinéir i láthair, ní dhéanfaidh sé cuiteamh; más ar íoc a bhí sé, ar son an íoca a tháinig sé.
16
Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean. 15
17
16 Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean.
18
Ná fág a beo ag bandraoi. 17
19
18 Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
20
19 Aon duine a dhéanfaidh íobairt d' aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
21
20 Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.
22
21 Ná ciap baintreach ná dílleachta.
23
22 Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.
24
23 Adhnfaidh m' fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
25
24 Má thugann tú iasacht airgid d' aon bhochtán de mo phobal le d' ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.
26
25 Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine;
27
26 óir sin a bhfuil aige d' éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.
28
27 Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.
29
Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d' urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith. 28
30
29 Déan mar an gcéanna le d' eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.
31
30 Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40