bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 21
Exodus 21
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 22 →
1
«Seo iad na cinnte a chuirfidh tú rompu:
2
Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air.
3
Más singil a thagann sé, imeoidh sé singil; más pósta a thagann sé, imeoidh a bhean amach leis.
4
Má thugann a mháistir bean dó agus go mbronnann sí clann mhac agus iníonacha air, bainfidh an bhean agus an chlann leis an máistir, agus imeoidh sé leis féin amháin.
5
Ach má deir an daor go follas: Tá cion agam ar mo mháistir, ar mo bhean, agus ar mo chlann. Ní áil liom imeacht saor.
6
Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.
7
Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir.
8
Mura dtaitníonn sí lena máistir a d' áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.
9
Más dá mhac a d' áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi.
10
Má ghabhann sé bean eile chuige, ní laghdóidh sé ar a bia, a deoch ná a cearta céile.
11
Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce.
12
Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.
13
Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.
14
Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d' aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m' altóir chun a mharaithe.
15
An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
16
An té a fhuadaíonn fear cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é ní foláir é chur chun báis.
17
An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
18
Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin,
19
rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t-am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin.
20
Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol.
21
Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é.
22
Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna.
23
Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam,
24
súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,
25
do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.
26
Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.
27
Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.
28
Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t-úinéir ciontach.
29
Ach má bhí sé de nós ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus gur tugadh rabhadh dá úinéir ach nár choimeád sé faoi smacht é, agus go mairíonn sé fear nó bean, gabhtar de chlocha sa damh agus cuirtear a úinéir chun báis leis.
30
Má éilítear éiric air, ansin díoladh sé ar son a anama cibé rud a éileofar air.
31
Más i mac nó in iníon fir a chuireann an damh a adharc, is í an riail chéanna a chuirfear i bhfeidhm ina leith.
32
Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t-úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.
33
Má fhagann duine poll ar oscailt, nó má osclaíonn duine poll agus gan clúid a chur air, agus go dtiteann damh nó asal ann,
34
déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin.
35
Má leonann damh damh eile, agus go bhfaigheann sé bás, caithfidh na húinéirí an damh beo a dhíol agus a phraghas a roinnt; roinnidís an conablach leis.
36
Nó más eol go raibh sé de nos ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus nár choimeád a úinéir faoi smacht é, íocadh a úinéir damh ar dhamh, agus bíodh an conablach aige.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40