bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 32
Exodus 32
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 33 →
1
Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: «Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.»
2
D' fhreagair Árón: «Bainigí,» ar sé leo, «na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n-iníonacha, agus tugaigí chugam iad.»
3
Agus bhaineadar go léir a bhfáinní óir dá gcluasa agus thugadar go hÁrón iad.
4
Ghlac seisean an t-ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. «Seo é do dhia, a Iosrael,» ar siad de liú, «a thug thú amach as tír na hÉigipte!»
5
Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: «Lá féile don Tiarna an lá amárach!»
6
D' éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d' ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d' éiríodar chun scléipe.
7
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.
8
Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d' ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d' adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: 'Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.'»
9
«Is léir dom,» arsa an Tiarna le Maois, «a cheanndáine mar phobal an pobal seo!
10
Lig dom anois más ea agus lasfaidh m' fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.»
11
Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: «A Thiarna,» ar sé, «cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
12
Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: 'I bhfeall a rug sé amach iad, d' fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne'? Scaoil uait d' fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal.
13
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: 'Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.'»
14
Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.
15
D' fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n-aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl.
16
Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca.
17
Chuala Iósua geoin an phobail agus iad ag gáraíl. «Tá gleo catha sa champa,» ar sé le Maois.
18
D' fhreagair Maois é agus dúirt: «Ní gáir chaithréime an gháir seo, Ná olagón cloíte an gháir seo; Glór cantaireachta is ea a chluinim.»
19
Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.
20
Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d' iallach ar chlann Iosrael é a ól.
21
Dúirt Maois le hÁrón: «Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?»
22
D' fhreagair Árón: «Ná bíodh d' fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.
23
Dúradar liom: 'Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.'
24
Dúirt mé leo dá bhrí sin: 'An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,' agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.»
25
Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall
26
sheas sé ag geata an champa agus dúirt: «Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!» agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige.
27
Agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.'»
28
Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.
29
Agus dúirt Maois: «Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.»
30
Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: «Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b' fhéidir go n-éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.»
31
Agus d' fhill Maois ar an Tiarna. «Mo bhrón,» ar sé, «rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh.
32
Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.»
33
Ach d' fhreagair an Tiarna Maois: «An té a pheacaigh i m' aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar.
34
Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m' aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.»
35
Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40