bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 26
Exodus 26
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 27 →
1
«Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
2
Beidh ocht mbanlámh fichead d' fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr.
3
Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.
4
Cuirfidh tú lúba d' ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.
5
Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.
6
Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal.
7
«Déanfaidh tú brait d' fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú.
8
Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t-aon bhrat déag den aon mhiosúr.
9
Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha.
10
Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile.
11
Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
12
An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é.
13
An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.
14
Déanfaidh tú díon breise don bhoth as craicne coirtithe reithe agus leathar mín mar chlúdach air sin arís.
15
«Déanfaidh tú frámaí d' adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach.
16
Beidh gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.
17
Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.
18
Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n-aghaidh ar an deisceart;
19
déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna;
20
don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama
21
agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma;
22
agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma.
23
Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.
24
Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne.
25
Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.
26
«Déanfaidh tú trasnáin d' adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,
27
agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.
28
An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann.
29
Cumhdaigh na frámaí d' ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d' ór.
30
Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.
31
«Déanfaidh tú fial d' ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
32
Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d' adhmad sitím arna gcumhdach d' ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid.
33
Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa.
34
Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa.
35
Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh.
36
Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d' ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.
37
Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40