bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 27
Exodus 27
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 28 →
1
«Déanfaidh tú altóir d' adhmad sitím, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; beidh an altóir cearnógach agus beidh sí trí bhanlámh ar airde.
2
Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d' aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha.
3
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
4
Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe.
5
Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir.
6
Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d' adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha;
7
cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar.
8
Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í.
9
«Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas.
10
Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d' airgead.
11
Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d' airgead.
12
Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap.
13
Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir.
14
Ar thaobh den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.
15
Ar an taobh eile den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.
16
Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d' obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.
17
Beidh na pollaí go léir timpeall na faiche dlúite le chéile le bataí airgid; beidh a naisc d' airgead agus a gceapa de chré-umha.
18
Beidh an fhaiche céad banlámh ar fad, leathchéad ar leithead, agus cúig bhanlámh ar airde; beidh a brait de línéadach mín cas agus a ceapa de chré-umha.
19
Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha.
20
«Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí.
21
Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40