bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 7
Exodus 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 8 →
1
Dúirt an Tiarna le Maois: «Féach! déanfaidh mé dia díot d' Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.
2
Caithfidh tú féin gach a n-ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír.
3
Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.
4
Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.
5
Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.»
6
Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.
7
Bhí Maois ceithre fichid bliain d' aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.
8
Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
9
«Nuair a déarfaidh Forann libh: 'Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,' ní foláir duitse a rá le hÁrón: 'Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.'»
10
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.
11
Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.
12
Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí.
13
Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.
14
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.
15
Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di.
16
Abair leis mar seo: 'Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós.
17
Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
18
Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t-uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.'»
19
Dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n-aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.'»
20
Rinne Maois agus Árón mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. D' ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t-uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d' uisce san abhainn.
21
Fuair an t-iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.
22
Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d' fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.
23
D' fhill Forann agus d' imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.
24
Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól.
25
Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40