bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 35
Exodus 35
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 36 →
1
Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:
2
Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.
3
Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.»
4
Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: «Seo,» ar sé, «mar a d' ordaigh an Tiarna.
5
Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,
6
ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,
7
seithí coirtithe reithe, sitím,
8
ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,
9
clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach.
10
Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:
11
an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,
12
an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;
13
an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;
14
an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh;
15
altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth;
16
altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t-umar lena a bhonn;
17
brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche;
18
pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada;
19
na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d' Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.»
20
Ansin d' imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois.
21
Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.
22
Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
23
gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad.
24
Gach duine a d' fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d' aon tairbhe don obair, thug sé leis é;
25
gach bean le héirim, d' fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas;
26
gach bean a raibh sé de chroí is d' éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair;
27
agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach,
28
agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra;
29
na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d' ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar clann Iosrael é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
30
Agus dúirt Maois le clann Iosrael: «Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá.
31
Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta,
32
i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha,
33
i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde.
34
Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán.
35
Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40