bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Exodus 6
Exodus 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 7 →
1
Ach dúirt an Tiarna le Maois: «Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.»
2
Labhair Dia le Maois: «Mise an Tiarna.
3
Thaispeánas mé féin d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób faoin ainm ' Dia Uilechumhachtach'; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m' ainm féin ' an Tiarna.'
4
Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe.
5
D' éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh.
6
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: 'Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
7
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d' fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
8
Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d' Abrahám, agus d' Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.'»
9
Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.
10
Ansin dúirt an Tiarna le Maois:
11
«Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.»
12
Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: «Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?»
13
Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d' ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte.
14
Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen.
15
Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon.
16
Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d' fhad saoil ag Léiví.
17
Clann mhac Ghéirseon: Libní agus Simí de réir a gclann.
18
Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d' fhad saoil ag Cohát.
19
Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach.
20
Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d' fhad saoil ag Amrám.
21
Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí.
22
Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí.
23
Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
24
Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach.
25
Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.
26
Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: «Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.»
27
Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.
28
An lá a labhair an Tiarna le Maois i dtír na hÉigipte,
29
dúirt sé leis mar leanas: «Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.»
30
Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: «Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n-éisteodh Forann liomsa?»
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40