bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 10
Exodus 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 11 →
1
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh a steach go Phárao: óir do chruadhuigh misi a chroidhe, agus croidhe a sherbhíseach, ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo chomharthadha dá lathair.
2
Agus ionnus go ninneostasa a gclúasuibh do mhic, agus mic do mhic, ciodh íad na neithe do rinne misi sa Négipt, agus mo chomharthadha do rinne mé na measg; ionus go mbía a fhios aguibh gur misi an TIGHEARNA.
3
Agus táinig Maóise agus Aáron a steach go Phárao, agus a dubhradar ris, Is mar so a deir an TIGHEARNA, Día na Neabhruigheach, Gá fad bhias tú ag díultadh thú féin dúmhlughadh dom lathairse? léig dom phobal imtheachd, go ndéanaid serbhís damh.
4
Nó má dhíúltann tú léigion dom phobal imtheachd, féuch, go ttiubhra misi a márach, na locuistigh ann do thóranna:
5
Agus faleochuid síad aghaidh na talmhun, nach budh féidir le duine an talamh dfaicsin: agus íosuid síad an fuighioll do chuáidh as don ní noch do mhair aguibhsi ón chloichshneachda, agus íosuid gach uile chrann dar fhás díbh as an ttalamh:
6
Agus líonfuid síad do thighthe, agus tighthe do shearbhiseach uile, agus tighthe na Négipteach uile; ní nach bhfacaidh hathair, nó athair hathar ón ló fa rabhadar ar an ttalamh, gus a niugh. Agus do iompóigh sé é féin, agus do chuáidh amach ó Phárao.
7
Agus a dubhradar muinntir Phárao ris, Cá fad bhías an fearsa na dhul oruinn? léig do na dáoinibh imtheachd, ionnus go ndéanuid serbhís don TIGHEARNA a Ndía: nach bhfuil a fhios agad fos gur milleadh a Négipt?
8
Agus tugadh Maóise agus Aaron a rís chum Phárao: agus a dubhairt sé riú, Imthighidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA bhur Ndía: ach cía híad féin imeochus.
9
Agus a dubhairt Maóise ris, Imeochum maille re ar nóguibh, agus re ar seanuibh, maille re ar macuibh agus re ar ningheanuibh, maille ré ar ttreaduidh agus re ar neálbhadhuibh imeochum: óir caithfeam féasda chongmhail don TIGHEARNA.
10
Agus a dubhairt seision riú, Bíodh an TIGHEARNA mar sin libhsi, fa mar léigfeas misi dhibhse imtheachd, agus dá bhur nóguibh: féachuidh, atá olc romhuimh.
11
Ní mar sin: imthighidh sibhse a nois atá bhur bhfearuibh, agus déanuidh seirbhis don TIGHEARNA; óir isé sin do iarrabhair: agus do cuireadh amach íad as lathair Phárao.
12
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Sín amach do lámh ós cionn chríche na Hégipte, do thabhairt na locuistigh, ar chor go ttiucfaid súas ar thalamh na Hégipte, agus go nithid gach uile luibh ar an ttalumh, a nuile ní dár fhág an chloichshneachda.
13
Agus do shín Maóise a shlat amach ós cionn chríche na Hégipte, agus tug an TIGHEARNA gáoth a noir ar an ttalamh, feadh an láoi sin uile, agus ar feadh na hoidhche sin uile; agus íar dteachd na maidne, tug an gháoth a noir lócuistigh.
14
Agus do chuádar na lócuistigh súas ar feadh chríche na Hégipte uile, agus do fhasadar a ttóranuibh na Hégipte uile: do budh rodhoiligh íad: ní raibh a leitheid do lócuistibh rompa a ríamh, agus ní mo bhías a leitheid na ndiáigh.
15
Oír do fholchadar aghaidh na talmhan uile, ionnus gur dorchuigheadh an talamh: agus a dúadar gach uile luibh ar an ttalamh, agus uile thoradh na gcrann, noch do fhág an chloichshneachda: agus níor fhan einní glas ar na crannuibh, nó a luibhibh na talmhan, ar feadh chríche na Hégipte uile.
16
Ann sin do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron go deithfreach; agus do ráidh, Do pheacaidh mé a nagháidh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus bhur naghuidhsi.
17
Annois ar a nadhbharsin íarruim dathchuinghe ort, maith mo pheacadh a néanuáirse amháin, agus guidhidh an TIGHEARNA bhur Ndía, go mbeireadh se amháin an bás so uaim.
18
Agus do chuáidh sé amach ó Phárao, agus do ghuidh an TIGHEARNA.
19
Agus do iompóidh an TIGHEARNA gáoth ro láidir a níar, noch rug lé na locuistigh, agus do theilg san mhuir ruáidh íad: nior fhan éanlócust amháin a gcrích na Hégipte uíle.
20
Ach do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Pharao, ionnus nár bháil leis léigion do chloinn Israel imtheachd.
21
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Sín amach do lámh chum nimhe, ionnus go ttiucfadh dorchadas tar chrích na Hégipte, eadhon dorchadas bhus éidir do ghlacadh.
22
Agus do shín Maóisi a lámh chum nimhe; agus do bhí dorchadas tiugh ar feadh chriche na Hégipte uile ar feadh thrí lá.
23
Ní fhaca duiné aca a chéile, ní mó do éirigh áonduine aca as áit ar feadh thrí lá: ach do bhí solus ág cloinn Israel ann a náitibh féin.
24
Agus do ghoir Pharao ar Mhaóisi, agus a dubhairt, Imthighidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA: amháin coinníghthear bhur ttréada, agus bhur nealbhadha; éirgedís bhur náos óg mar an gcéadna libh.
25
Agus a dubhairt Máoise, Caithfe tú mar an gceádna iodhbuirt agus ofráil loisge do thabhairt dúinn, lé ndéanam iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía.
26
Rachaid ar náirnéis linn mar an gcéadna; ní fhúigfeam ionga ar ndiáigh: oir is díobh sin chaithfeam do ghlacadh chum sierbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA ar Ndía; agus ni feas dúinn cread leis a ndéanam serbhís don TIGHEARNA, nó go ttigheam annsin.
27
Ach do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Phárao, agus níor bháil leis légion dóibh imtheachd.
28
Agus a dubhairt Phárao ris, Imthigh uáim, bí ar do coimhéad duit féin, ná faic mo ghnúis níos mó; óir an lá sin do chífeas tú maghuidh do gheabha tú bás.
29
Agus a dubhairt Maóise, Is maith do labhair tu, ní fhaicfe mé haghuidh a rís nios mó.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→