bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 30
Exodus 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 31 →
1
Agus do dhéana tú altóir do loscadh túise uirre; do chrann Sitim do dhéana tú i.
2
Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead; ceathairbheannach bhías sí; agus biáidh a háirdé dhá chubhad: biáidh a beanna don ccéadna.
3
Agus fóileocha tú dór fhíorghlan í, a húachtar, agus a táobh timchioll fa gcuáirt, agus a beanna; agus do dhéana tú dhi coroin óir timchioll fa gcuáirt.
4
Agus do déana tú dhá fháinne óir dhi faoi an choróin, agá dhá coirnéul, agá dhá thaobh do dhéana tú íad; agus béid siád mar áitibh do bhatuidhibh dá hiomchar leó.
5
Agus do dhéana tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le hór íad.
6
Agus cuirfe tú as coinne an fholuigh í, atá láimh re háirc na fiádhnuisi, as coinne ann tsuidhe thrócaire atá ós cionn an fhiadhnuisi, mar a tteagamha misi riot.
7
Agus loisgfe Aáron túis dheaghbholuidh gach aon mhaidin uirre: a nuáir dheiseocha sé na lampuidhe, loisgfe sé túis uirre.
8
Agus a nuáir lasfas Aáron na lampuidhe um noín, loisgfe sé túis uirre, túis bhiobhúan a bhfiagnuise an TIGHEARNA, ar feadh bhur ngeinealach.
9
Ní loisgfídhe túis choimhidheach ar bioth uirre, nó íodhbuirt loisge, no ofráil bídh; ní mo dhoírtfídhe ofrála dhighe uirre.
10
Agus do dhéana Aáron síth ar a beannuibh uáir san mbliadhuin le fuil ofrála pheacaidh na síthe; uáir san mbliadhuin do déana sé sídh uirre ar feadh bhur ngeinealach: atá sí ro náomhtha don TIGHEARNA.
11
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, ga rádh,
12
A núair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reír a nuibhre, ann sin do bhéuruidh gach éanduine fuáscladh ar son anma don TIGHEARNA, a núair aireomhus tú íad; go nach mbiáidh plaígh na measc, a núair aíreomhas tú iad.
13
Is é so do bhéuruid, gach éan da rachaidh thort na measc atá áirmhithe, leithshecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fithche gérah:) agus leithshecel ofráil an TIGHEARNA.
14
Gach éan dá tteíd thort na measg atá airmhithe, ó fhithchid bliadhan dáois agus ós a chionn, do bhéura sé ofráil don TIGHEARNA.
15
Ní thíubhra an sáidhbhir nios mó, agus an bochd ní thiubhra níos lugha nó leith shecel, a nuáir do bhéaruid ofráil don TIGHEARNA, do dhéanamh sithe dá bhur nanmannuibh.
16
Agus glacfa tusa an tairgead síthe ó chloinn Israel, agus cinnfe tú é do sherbhís thabernacuil an chomhchruinnigh: Ionnus go mbía na chuimhne do chloinn Israel a lathair an TIGHEARNA, do dhéanamh síthe dá bhur nanmanuibh.
17
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise dha rádh,
18
Do dhéana tú mar an gcéadna lábhéir práis, agus a chos mar an gcéadna do phrás, do ionnladh as: agus cuirfe tú é idir thabernacuil an chomhchruinnigh agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann.
19
Oír ionneoluid Aáron agus mhic a lámha agus a gcosa aige:
20
Agus a núair rachuid go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionnoluid siád le huisce, go nach bhfaghaid bás: nó a nuair thiocfaid a bhfogus do naltoir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála déanta lé teinnidh don TIGHEARNA:
21
Mar sin nighfid a lamha agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so na reachd dhóibh go bráth, dósan agus da shiól ar feadh a ngeinealach.
22
Tuilleamh fós do labhair an TIGHEARNA re Maoise, ga rádh,
23
Glac thusa mar an gcéadna chugad spiósra oirdhearca, do mhirr ghloinn cúig chéad secel, agus do shinamon deaghbholuid a leath oiread sin, dhá chéad agus caógad secel, agus do chalamus déaghbholuidh dhá chéad agus cáogad secel,
24
Agus do chassía cúig chéad secel, do reír shecel na sanctóra, agus hin dola chroinn ola:
25
Agus do dhéana tú ola dhe dola náomhtha, agus ola cumaiscthe, do réir ealadhan an ollamh: biáidh sí na hola naómhtha chum ungtha.
26
Agus ungfa tú tabernacuil an chomhchruinnigh lé, agus aírc na fiadhnuise,
27
Agus an bórd agus a shoithidhe uile, agus an coinnleóir agus a shoithidhe, agus altoír na túise,
28
Agus altoír na hofrála loisge gon a huile shoithidhibh, agus an lábhéir agus a cos.
29
Agus naomhthocha tú íad, ionnus go mbéid ro naomhtha: giodh bé ar bith ní bheanus riu biáidh sé naomhtha.
30
Agus ungfa tú Aáron agus a mhic, agus coisreoca tú íad, chor go miniostrálfuid dhamhsa a noifig an tsagairt.
31
Agus laibheóra tú re cloinn Israel, dá rádh. Biáidh so na hola noamhtha ungtha dhamhsa ar feadh bhur ngeinealach.
32
Ar fheóil duine ní doírtfighear í, ní mó dhéantaoi samhuil di, do reír a compóideachd: is naomhtha í, agus biaidh sí naómhtha dhaóibhsi.
33
Giodh bé ar bith dhéanas cumusc cosmhuil ría, nó giodh bé ar bith chuirfeas di ar choimhightheach, géarrfuighear cheana a mach óna dhaóinibh é.
34
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Glac chugad spiósra, dheaghbhaluidh, stácte agus onicha, agus galbánum: na spiósra deaghbhaluidhsi maille re túis ghloinn: oiread re cheille dá gach chuid díobh:
35
Agus do dhéana tú perfiúm dhe, ollamh cumasc do réir ealadhan an cumuscthe, ré chéile, fiórghlan agus naómhtha:
36
Agus brúidhfe tú cuid de sin ro mhín, agus cuirfe tú cuid do as coinne na fiadhnuise ann sa tabernacuil an chomhcruinnigh, aít a tteigeamha misi riot: biáidh sé ro náomhtha dhaóibh.
37
Agus ar son na perfiúme do dhéana tú, ni dhéantaoi dhíbh feín do reír a chumaisc sin: bíaidh sé dhuitsi naomhtha don TIGHEARNA.
38
Giodh bé ar bioth dhéanas samhuil dó sin do bholtnughadh, géarrfuighear é amach ó na dhaóinibh.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→