bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 39
Exodus 39
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 40 →
1
Agus don ghorm, agus don phurpuir, agus don scárláoid, do rinneadur eáduighe seirbhíse, do dhéanamh serbhise an sa náit naomhtha, agus rinneadur na culadha naomhtha do Aáron; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
2
Agus do rinne an téphod dór, do ghorm, do phurpuir, agus do scárláoid, agus do linéadach mhin chasta.
3
Agus do bhuaileadar an tór na phlatadhuibh tana, agus do ghearradar na théaduibh é, da oíbríughadh annsa ghorm, agus annsa phurpuir, agus annsa scárlaoid, agus annsa linéadach fhinealta, maille lé hobair ghéarchuísigh.
4
Do rinneadar píosuidhe gualann dó, dha choimhcheangal dá chéilé: leis an dá imiol do choimhcheangladh dha chéile é.
5
Agus crios cúiríalta a ephoid, do bhí air, do bhí don chéadna, do réir a oibre sin; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárláoid, agus do linéadach fhínealta chasta; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
6
Agus do oibrigheadar clocha onice ar na gcur a stigh a bhfailgibh óir ar na ngrábháil, mar ghrábhaltar signéid, maille ré hanmannuibh chloinne Israel.
7
Agus do chuir sé ar ghuáillibh an ephod íad, ar chor go mbéidis na gclochuibh mar chuimhne do chloínn Israel; mar do aithin an TIGHEARNA da Mhaóise.
8
Agus do rinne an tuchdphláta dobair ghlic, cosmhail ré hobair a nephoíd; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárláoid, agus do líneadach finealta chasda.
9
Do bhí sé ceathairbheannach; do rinneadar an tuchdphláta dúbalta; réisi do bhí na fhad, agus réisi na leithead, dúbalta.
10
Agus do chuireadar ann ceithre chúrsa do chlóchuibh: cúrsa do shardius, do thópas, agus do charbuncail: is é so an cead chúrsa.
11
Agus an dara cúrsa, emeraud, saphir, agus diamond.
12
An treas cúrsa, ligur, agat, agus ametist.
13
Agus an ceathramhadh cursa, beril, agus onice, agus iasper: do bhádar curtha a stigh a bhfailgibh óir iona ndruduibh.
14
Agus do bhádur na clocha do réir anmanna chloinne Israel, a dó dhéag, dó réir a nanmann, amhail ghrábháil shignéid, gach éanduine gun a ainm, do réir an dá threibh dhéug.
15
Agus do rinneadar ar an uchdphláta slabhruidhe ann a cheannuibh dobair fhighte dór fhíorghlan.
16
Agus do rinneadur dhá fhail óir, agus dha fháinne óir, agus do chuireadar an dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.
17
Agus do chuireadar an dá shlabhradh fhighte dór annsa dá fháinne ar cheannuibh an uchdphláta.
18
Agus dhá cheann an dá shlabhradh fhighte dhaingníodar annsa da fhail, agus do chuireadar íad ar ghuaillibh a nephoid, roimhe.
19
Agus do rinneadar dhá fhaínne dór, agus dó chuireadar íad ar dhá cheann an uchdphlata, ar a imeal, noch do bhi ar tháobh a néphoid taobh a stigh.
20
Agus do rinneadur dhá fhainne eile dór, agus do chuíreadar íad ar dhá tháobh a nephoid shíos, leath ris an gcuid thosuigh dhe, thall ar ágháidh a chomhcheangail, ós cionn chreasa chuirialta a nephoid.
21
Agus do cheangladar an tuchdphláta le na fháinnighibh dfainnighibh a nephoid, lé lása do ghorm, chor go mbía ós cionn an chreasá chuiríalta a nephoíd, agus nach scáoiltí an tuchdphlata ó nephod; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
22
Agus do rinne sé róba a nephoid dobair fhighte, uile do ghorm.
23
Agus do bhí poll a lár an róba, mar pholl lúirighe, maille ré fonnsa fa gcuáirt timchioll an phuill, go nach briseadh se.
24
Agus do rinneadur ar an chiumhuluibh an róba pomegranait do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, agus do líneadach chasta.
25
Agus do rinneadar cluigine dór fhiorglan, agus do chuireadar na cluigíne idir na pomegranatuibh, ar chiumhuis an róba, timchioll fá gcuáirt idir na pomegranatuibh.
26
Cluigín agus pomegranat, cluigín agus pomegranat, timchioll fa gcuáirt fhathuaime an róba do dhéanamh miniostralachd ann; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
27
Agus do rinneadar cótuidhe do línéadach fhínealta dobair fhighte do Aáron, agus dá mhacuibh,
28
Agus míter do linéadach fhínealta, agus boineid mhaithe do linéadach fhinealta, agus brísdidhe linéaduigh do lion mhín chásda,
29
Agus crios do línéadach mín chasda, agus do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, dobair shnáithide; mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
30
Agus do rinneadar pláta na coróine náomhtha dór ghlan, agus do scríobhadar scríbhinn air mar ghrábhail sheignéid, NAOMHTHACHD DON TIGHEARNA.
31
Agus do cheangladur dhó sin lása do ghorm, dá cheangal go hárd ar an míter; mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
32
Mar so do criochnuigheadh uile obair an tábernacuil loistín an chómhchruinnigh: agus do rinneadar clann Israel do reir a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do rinneadar.
33
Agus tugadar an tabernacuil chum Maóisi, an lóistin, agus gach ní bheanas ris uile, a táitsidhe, a bhuird, a bharruidhe a philéir, agus a shoicéid.
34
Agus an folach do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus an folach, do chroicnibh broc, agus cumhdach an fholuigh.
35
Aírc na fiadhnuisi, agus a maididhe, agus an suidhe trócaire.
36
An bórd, agus a uile shoithidhe, agus an tarán taisbéanta.
37
An coinnleóir fíorghlán, go na lampadhuibh, na lampuidhe dá suighiughadh a nórd, agus a uile shoithighe sin, agus a nola chum soluis.
38
Agus a naltóir órdha, agus a nola ungtha, agus an túis deaghbholuigh, agus brat do dhorus an tabernacuil,
39
A naltóir phráis, agus a ghráta práis, a mhaididhe, agus a uile shoithigh, an lábhéir agus a chos,
40
Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do gheata na cúirte, a corduidhe, agus a thairngidhe, agus uile shoithighe serbhíse an tabernacuil, do lóistín an chomhchruinnigh.
41
Eaduighe na serbhíse, do dhéanamh serbhíse annsa náit náomhtha, agus na culadha náomhtha do Aáron an sagart, agus a cculadha a mhac, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt.
42
Do réir a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do rinneadar clann Israel a nobair uile.
43
Agus do fhéuch Maóise ar an obair uile, agus, féuch, do rinneadar í, mar do aithin an TIGHEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do bheannuigh Maóise íad.
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 40 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40