bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 20
Exodus 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 21 →
1
Agus do labhair Día na bríathra so uile, ag rádh,
2
Is misi an TTIGHEARNA do Dhía, noch do thréoruidh thusa amach as talamh na Hégipte, as tigh na daóirse.
3
Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse.
4
Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithe dá bhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh:
5
Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
6
Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta.
7
Ná tabhair ainm an TIGHEARNA Día go díomhaóin; oir ní mheasfuidh an TIGHEARNA neimhchiontach an té bheir a ainm go díomháoin.
8
Cuimhnigh lá na sábóide, go náomhthócha é.
9
Sé laéthe sháothrochuis tú, agus dheánas tú hobair uile:
10
Ach sé an seachdmhadh lá sábóid an TIGHEARNA do Dhía: ní dhéana tú obair ar bith ann, tú feín, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do bhanoglach, no táirnéis, nó do choimhightheach atá táobh a stigh dot dhoirsibh:
11
Oir ís a sé láethibh do rinne an TIGHEARNA neamh agus talamh a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seachdmhadh lá: uime sin do bheannuidh an TIGHEARNA lá na sábóide, agus da naomhuigh é.
12
Onoruigh hathair agus do mhathair: ionnus go ma fada do laethe ar an ttalamh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
13
Ní dhéana tú dúnmharbadh.
14
Ní dhéana tú adhaltrannas.
15
Ní dhéana tú goid.
16
Ní bhéura tú fíaghnuisi bhréige a naghuidh do chomharsan.
17
Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní shainteocha tú bean do chomharsan, nó óglach do chomharsan, nó a bhanóglach, nó a dhamh, nó a assal, no énni is lé do chomharsaín.
18
Agus do choncadar an pobal uile na tóirneacha, agus na tinnteacha, agus fuáim an sduic, agus an slíabh ag deatughadh: agus a nuáir do choncadar an pobal é, do athruigheadar, agus do sheasadar a bhfad uádh.
19
Agus a dubhradar ré Maóise, Labhairsi rinne, agus cluinfiom: ach na labhradh Día rinn, deugla go bhfuighmís bás.
20
Agus a dubhairt Maóise ris an pobal, Ná bíodh eagla oruibh: óir is do bhur ndearbhadh thainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne bhur nagháidheadh, ionnus nach bpeacuigheadh sibh.
21
Agus do sheas an pobal amach, agus do dhruid Maóise a ngar don dorchadas tiugh mar a raibh Día.
22
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Is mar so déaras tú ré cloinn Israel, Do choncabhair gur labhair mé ribh ó neamh.
23
Ní dhéantáoi maille riomsa dée airgid, ní mó do dhéantáoi dháoibh dée óir.
24
Altóir do chriáidh do dhéana tú dhámhsa, agus iodhbóruidh tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síothchána, do cháoirigh, agus do dhaimh; sa nuile bhall a ttiubhra mé fa deara mainm do chuimhniughadh, tiucfa mé chugadsa, agus beannocha mé thú.
25
Agus má ní tú altóir chloiche dhamh, ni thoigeobha tu i do chlochuibh snoighte: óir má thógbhann tú huirneis súas uirre, do thruáill tú í.
26
Ní mó rachus tu súas lé coiscéimibh chum maltóra, ionnus nach biáidh do lomnochduighe ar na taísbeanadh uirre.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→