bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 14
Exodus 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 15 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ag radh,
2
Labhair lé cloinn Israel, go bfhfillid agus go ndéarnaid campa as coinne Phihahirot, eidir Migdol agus a nfairge, thall ar aghuidh Baal-sephon; as a choinne do dhéantáoi campa láimh ris a nfairge.
3
Oír a déara Phárao a ttaobh chloinne Israel, Atáid síad air seachrann san tír, do íadh an fásach na ttimchíoll:
4
Agus cruáidheocha misi croidhe Phárao, ionnus go leanfuidh sé iad, agus do gheabhadsa glóir a dtimchioll Phárao, agus a shloigh uile; chor go mbía a fhios ag na Hégiptibh gur mé an TIGHEARNA. Agus do rinneadar sin.
5
Agus do hinnseadh do rígh na Hégipte gur theitheadur an pobal: agus do cláochlóidheadh croidhe Pharao agus a mhuinntire a naghuidh an phobuil, agus a dubhradar, Créad fá ndearnamar so? as ar léigeamar Israel dimtheachd as ar serbhis?
6
Agus do réighidh sesion a charbad, agus rug a mhuíntir leis:
7
Agus rug leis sé chéad carbad tóghtha, agus carbuid na Hégipte uile agus ceann feadhua os cionn gach éanchoda dhíobh.
8
Agus do chruáidhigh an TIGHEARNA croidhe Phárao rígh na Hégipte, agus do ghluais sé a ndiáigh chloinne Israel: agus do chúadar clanna Israel amach lé láimh áird.
9
Achd do leanadar na Hégiptigh ná ndiáigh (eich agus carbaid Phárao, agus a mharcshlúagh agus a shlúagh uile) agus rugadar orra a ccampa chois na fairge, ré táobh Pihahirot, as coinne Baal-sephon.
10
Agus a nuair tháinic Phárao láimh ríu, do thógbhadar clann Israel a suile súas, agus féuch, do shineadur ua Hégiptigh na ndiáigh, agus do bhádursan lan deagla: agus do éimhgheadur clann Israel ar an TTIGHEARNA.
11
Agus a dubhradur re Maóise, Do chionn nach rabhadar uaighe sa Négipt, thug tú leachd sinn dfagháil bháis san bhfásach? Cread fá ndearna tú marso rinn, ar ttabhairt amach as a Négipt?
12
Nach é so an focal do innseamar dhuit sa Négipt, ag rádh, Léig dhuinn serbhís a dhéanamh do na Hégiptibh? Oir do bfearr dhúinne serbhís do dhéanamh do na Hégiptibh, ná bás dfagháil san bhfasch.
13
Agus a dubhairt Maóise ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh, fanuidh bhur seasamh, agus féuchuidh tártháil an TIGHEARNA, noch thaisbéanfás sé dhíbh a niugh; óir na Hégiptigh do choncabhair a niugh, ní fhaicfidhe íad a rís go bráth.
14
Troidfidh an TIGHEARNA ar bhur son, agus beithíse bhur dtocht.
15
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Cread fa néimhgheann tú orumsa? abuir ré cloinn Israel dul ar a naghuidh:
16
Achd tógsa súas do shlat, agus sín amach do lámh ós cionn na fairge, agus roinn í: agus imeochuid clann Israel ar talamh tirim tré lár na fairge.
17
Agus féuch, crúaidheochaidh misi eadhon misi croidhe na Négiptach, agus leanfuid iad: agus do geabhadsa glóir a ttimchíoll Phárao, agus a shlóigh uile, agus ar a charbaduibh agus ar a mharcshluagh.
18
Agus aitheonuid na Hégiptigh gur mé an TIGHEARNA, a nuáir do gheabha mé onóir ar Phárao, ar a charbaduibh, agus ar a mharcshluagh.
19
Agus aingeal Dé, noch do bhí roimhe champa Israel, do atharruigh agus do chuáidh na ndiáigh, agus do chuaidh an pileir neill ó bhe roimhe an aghaidh, agus do sheas na ndiaigh:
20
Agus táinic se idir champa na Négipteach agus campa Israel; agus do bhí na néull, agus na dhorchadas dóibh súd agus thug solus dóibh so sa roidhche: ionnus nach dtáinic ceachdar dhíobh a ngar a chéile ar feadh na hoidhche:
21
Agus do shin Maóise a lámh amach ós cionn na fairge; agus tug an TIGHEARNA ar an bhfairge dul (ar a hais) lé gáoith láidir a noir, ar feadh na hoidhche sin agus do rinne a nfairge na talamh thirim agus do roinneadh na huisgidhe.
22
Agus do chúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalamh thirim: agus do bhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.
23
Agus do leanadur na Hégiptigh íad agus do chúadar na ndiáigh go lar na fairge, eadhon eich Phárao uile, a charbuid, agus a mharcshluagh.
24
Agus táinic, timchioll fhaire na maidne gur fhéuch an TIGHEARNA ar shlúagh uibh na Négipteach thríd an bpileir tineadh, agus an néull, agus gur bhuaidhir slúagh na Négipteach.
25
Agus do bhean a mach roithléin na gcarbad, gur thairngeadar íad go trom: ionnus go ndubhradar na Hégiptigh, Teitheamáoid as lathaír Israel; óir atá an tighearna ag troid ar a son a naghuidh na Négipteach.
26
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Sín amach do lámh ós cionn na fairge, ionnus go ttigid na huisgidhe a rís ar na Hégiptibh, ar a ccarbaduibh, agus ar a marcshluagh.
27
Agus do shín Maóise a lámh amach ós cionn na fairge, agus do fhill a nfairge iona néart féin a nuair do fhoillsigh an mhaidin; agus do theitheadar na Hegíptigh na haghuidh: agus do bháith an TIGHEARNA na Hégiptigh a lár na fairge.
28
Agus do fhilleadur na huisgidhe, agus do fholchadar na cárbuid, agus an marcshlúagh, agus slúagh Phárao uile, noch tháinic san bhfairge na diáigh: níor fagbhadh niread agus éinneach dhíobh.
29
Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge; agus do bhadur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.
30
Mar so do sháor an TIGHEARNA Israel an lá sin as lámhuibh na Négipteach, agus do chonnuirc Israel na Hégiptibh marbh ar thráigh na fairge.
31
Agus do chonnairc Israel a nobair mhór sin do rinne an TIGHEARNA ar na Hégiptibh: agus do bhi eagla an TIGHEARNA ar an bpobal, agus do chreideadar an TIGHEARNA, agus a sherbhíseach Maóise.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→