bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 2
Exodus 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 3 →
1
Agus do chuáidh duine as tigh Lébhi, agus do phós sé inghean do Lébhi.
2
Agus do thoirrcheadh an bhean, agus rug sí mac: agus a nuáir do chonnairc sí go raibh sé na náoidhin bhréaghdah, do cheil sí é ar feadh thrí míosa.
3
Agus a nuáir fhéad sí a cheilt ní budh faide, do rinne sí comhra buigbhinne, agus do chuir dóbáil lathuighe agus pic uirre, agus do chuir an leanamh innte; agus do chuir annsa tsoiliostar ar bhrúach na habhann é.
4
Agus do sheas a dheirbshiur a bhfad úadh, dfios cread do dhéantaói ris.
5
Agus táinig inghean Phárao a núas dá nighe féin ag a nabhuinn; agus do bhádur a caílínigh ag siubhal ar bhrúach na habhann: agus a nuáir do chonnairc sisi an chomhra a measg an tsoiliostair, do chuir sí a cailín dá thabhairt.
6
Agus a nuáir do osguil sí í, do chonnairc sí an leanamh: agus, féach, do ghuil an náoidhean. Agus do bhí trúaighe aice dhó, agus a dubhairt sí, Is aón do chloinn na Neabhruidheach so.
7
Ann sin a dubhairt a dheirbhshíur re hinghin Phárao, An racha misi do ghairm banaltrann do na mnáibh Eabhruidheacha chugad, go noilfid an leanamh dhuit?
8
Agus a dubhairt inghean Phárao ria, Eirigh. Agus do imthigh an cailín, agus do ghoir sí mathair an léinimh.
9
Agus a dubhairt inghean Phárao ría, Beir an leanamh so leachd, agus oil damhsa é, agus do bhéura mé do thúarusdal duit. Agus do ghlac an bhean an leanamh, agus do oil sí é.
10
Agus do fhás an leanamh, agus tug sí do inghin Phárao é, agus do bhí na mhac aice. Agus tug sí Máoise dainm air: agus a dubhairt sí, Do chionn gur tharruing mé as a nuisge é.
11
Agus tárrla fa nam sin, a nuáir do fhás Máoisi, go ndeachuidh sé amach mar a rabhadur a dhearbhráithre, agus gur fhéuch sé ar a núaluighibh: agus do chonnuirc Egipteach ag búaladh Eabhruidhigh, áon dá dhearbhráithríbh.
12
Agus do fhéuch sé annso agus ann súd, agus a nuáir do chonnairc nach raibh aonduine ann, do mharbh sé an Tégipteach, agus do fholuigh sé annsa ghaineamh é.
13
Agus a nuáir do chuáidh sé amach an dara lá, féuch, do bhádur días do na Heabhruidhibh ag troid: agus a dubhairt seision ris an té do rinne a néaccóir, Créad fá mbuaileann tú do chompanach?
14
Agus a dubhairt seision, Cía rinne prionnsa, agus breitheamh dhíotsa ós ar ccionne? a né shaóilios tú misi mharbhadh, mar do mharbh tú an Tégipteach? agus do ghlac eagla Maoisi, agus a dubhairt, Is deimhin gur fríth fios an ghníomhasa.
15
Annois a nuáir do chúaluidh Phárao an nísi, do íarr sé Máoisi do mharbhadh. Ach do theith Máóisi as radharc Phárao, agus so chomhnuigh sé a gcrich Mhídian: agús do shuigh sé síos laimh re tobar.
16
A nois do bhi ag sagart Mhídian móirshesior inghean: agus tangadur agus do thairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do thabhairt uisge do thréad a nathar.
17
Agus tangadur na háodhairíghe, agus do chuireadur ar siubhal iad; ach do sheas Maóisí agus do chuididh leó, agus tug uísge dá ttréud.
18
Agus a nuáir tangadur mar a raibh Reuel a nathair a dubhairt sé, Cionnus tangabháir comhlúath so a niugh?
19
Agus a dubhradarsan, do sháor Egiptach sinn ó lámhuibh na naodhaireadh, agus fós do tharruing uisge go lór dhúinn, agus tug uisge don tréud.
20
Agus a dubhairt seision ré na ingheanuibh, Cáit a bhfuil an té sin? créad fár fhághabhair an toglach? goiridh é a steach go nithidh sé arán.
21
Agus bá toil lé Maoisi comhnuighe a bhfochair a nóglaoich sin: agus tug sé do Mhaóisi Sipporah a inghean.
22
Agus rug sí mac dhó, agus tug Gersom dainm air; óir ar seision, Do bhí mé am choigcríoch a ttír choigrích.
23
Agus tárla a gcionn aimsire go bhfuáir rígh na Hégipte bás: agus do bháder clann Israel ag osnadhuigh tré mhéid a ndaóirse, agus do eighmheadar, agus tháinic a néighmhe súas chum Dé tré na ndáoirse.
24
Agus do chúaluidh Día a nusnadha, agus do chuimhnigh Día a chunnradh re Habráham, re Hísaac, agus ré Iácob.
25
Agus do fhéach Día ar chloinn Israel, agus do bhí truáighe ag Día dhóibh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40